Skip to main content

‹‹‹ prev (107)

(109) next ›››

(108)
68
Ní hanbhuain, ní hiomlat mbáis
rom-mharbh-sa, acht meisge shóláis^
35 ní sgís meanma (gá mó broid?),
ní ró teadhma ná treabhlaid.
Más dúil do dhúilibh nimhe
tug, le taibhreadh n-ainglidhe,
goid m'anma gan iodhna báis,
40 iongna damhna mo dhóláis.
A radharc ó ráinig sinn,
och, a Chríost, créad fá mairfinn?
dúil do mharbh an uile fhear,
is duine marbh nách muirbhfeadh.
45 Ní tonn líonmhar leanna duibh,
ní neamhghrádh neíth ar talmhain,
ní hannsa duine — gá dtás? —
rom-dall-sa uile acht uathbhás.
Ar n-éirghe as an riocht reimhe
50 (creididh sinn go simplidhe,
do mharbh sé don uamhain inn),
do chualaidh me go mairim.
A héagosg ni fhidir me,
ni fhéad súil silleadh uirthe ;
55 a hamharc gion gur fhéad sinn,
a radharc do fhéag mh'intinn.
OS siabhradh meallta meise
gan súil éirghe on aincis-se,
nár fhaice súil éinfhirij: í,
60 an dúil chéillidhj ad-chluintí»

Images and transcriptions on this page, including medium image downloads, may be used under the Creative Commons Attribution 4.0 International Licence unless otherwise stated. Creative Commons Attribution 4.0 International Licence