Student Learning Journal - Module 03 - Wellbeing (Irish)

Page 1

© The Examcraft Group | Reproduction not permitted

Wellbeing (Irish) STUDENT LEARNING JOURNAL 2023 - 2024
03
MODULE
Is Is Is tosaíocht í do mheabhairshláinte. é do bunriachtanas shonas. é riachtanas d'fhéinchúram. Meabhairshláinte agus Foll áine -Údar Anaithnid SAMPLE

AISTE BIA, CODLADH & ACLAÍOCHT

Chun an tábhacht a bhaineann le bheith sláintiúil a thuiscint go hiomlán, beidh deis agat foghlaim faoi shláinte choirp agus meabhairshláinte agus faoin tionchar a bhíonn acu ar d’fholláine.

Is féidir leat cúram a dhéanamh de do shláinte choirp ach aiste chothrom bia a ithe, dóthain codlata a fháil agus roinnt aclaíochta a dhéanamh gach lá. Is iomaí buntáiste fisiciúil agus meabhrach a bhaineann le haiste bia, codladh agus aclaíocht mhaith.

Codladh

An Tríonóid Shláintiúil

Aiste Bia Aclaíocht

Buntáistí Fisiciúla Buntáistí Meabhrach

• Cnámha, matáin agus ailt shláintiúla a thógail agus a chaomhnú

• Meáchan a rialú, matán tanaí a thógáil agus saill a laghdú

• Ardbhrú fola a sheachaint agus a laghdú

• Do chuimhne a fheabhsú agus cur le d’achar airde

• Cinnteoireacht, pleanáil agus scileanna iltascála a fheabhsú

• Táirgeadh néaróg, fuil agus fuilchealla nua a mhéadú

Aire a Thabhairt do do Shláinte Choirp

AISTE BIA CODLADH ACLAÍOCHT

Cinntigh go n-itheann tú bia sláintiúil.

Scan an barrachód seo chun teacht ar phirimid an bhia ina léirítear a mhinice ba chóir duit grúpaí bia difriúla a ithe.

Cinntigh go bhfaigheann tú oíche mhaith chodlata. Seachain scáileáin sula dtéann tú a chodladh, agus is fearr gan d’fhón a thabhairt isteach i do sheomra codlata.

Déan iarracht 30 nóiméad d’aclaíocht a dhéanamh gach lá. Smaoinigh ar cholún a chur isteach le haghaidh na gníomhaíochta coirp i d’amchlár staidéir le gur féidir leat í a chuimsiú i do ghnáthamh laethúil.

SAMPLE

TEACHT ANIAR A FHORBAIRT

AMHRAS DIÚLTACHAS

Ar an drochuair, tarlaíonn rudaí diúltacha do gach duine sa saol; tagann daoine áirithe ar ais chucu féin níos tapúla ná daoine eile, áfach. Tugtar teacht aniar air seo - do chumas teacht chugat féin arís tar éis buillí.

Smaoinigh ar na habairtí seo a leanas maidir le teacht aniar a fhorbairt.

Tarlaíonn drochrudaí, ach éiríonn siad níos fearr.

Cabhróidh daoine eile leat, ach caithfidh tú a chur in iúl dóibh go bhfuil cabhair uait.

Ní chabhraíonn smaointe fánacha leat ar chor ar bith

Níl aon duine foirfe.

Dírigh ar na rudaí maithe sa saol, níl gach rud go dona.

Cuireann buillí nó streachailtí isteach ar gach duine. Níl tú leat féin anseo.

Seo a leanas cúig bhealach úsáideacha a bhféadfá do theacht aniar pearsanta a fhorbairt. Sa spás thíos, tabhair bealach amháin a bhféadfá gach ceann acu a chuimsiú i do shaol féin!

Cuir tú féin in iúl (Cumarsáid a Dhéanamh)

Cothaigh tú féin

(Aiste bia, codladh, aclaíocht)

dearfach

(Be positive)

Aithin do chuid láidreachtaí

Lig do scíth

CATHÚ SAMPLE

CABHAIR A FHÁIL

Is é an rud is tábhachtaí maidir le meabhairshláinte ná a bheith ar an eolas faoi do chuid mothúchán de réir mar a mhothaíonn tú iad Cabhraíonn sé seo leat na cúiseanna a bhíonn le strus agus conas a fhreagraíonn tú dóibh a aithint.

Tá sé tábhachtach go mbíonn daoine timpeall ort a bhfuil tú in ann labhairt leo faoi na rudaí seo.

Sna trí chatagóir seo a leanas, mar sin, aithnímis daoine i do shaol a bhfuil tú in ann labhairt leo.

Daoine a bhfuil tú in ann labhairt leo faoi rud ar bith.

Daoine a bhfuil tú in ann comhairle a fháil uathu.

Ainmneacha

gníomhaireachtaí / seirbhísí tacaíochta atá ar fáil duit má tá siad ag teastáil uait.

CÉ NA DAOINE a chabhróidh leat nuair atá

CABHAIR UAIT?

Sa léaráid thíos, líon gach ciorcal leis na daoine éagsúla i do shaol.

comhairle TREOIR tacaíocht
cúnamh CABHAIR
LEDEANNA
1 2 3 1 2 3 SAMPLE

Teastaíonn arfadina mbraithimid

Do Sh á bh á

- Emma Thompson (1959 - )

Is aisteoir, scríbhneoir scripte, gníomhaí, údar agus fuirseoir Briotanach í Emma. Bhuaigh sí Duaiseanna an Acadaimh, Duaiseanna BAFTA agus Duaiseanna Golden Globe.

ilteacht áit uainn sábháilte.
SAMPLE

LEIDEANNA SÁBHÁILTEACHTA AG SIÚL

• Siúil agus d’aghaidh ar an trácht ionas nach féidir le carr teacht taobh thiar duit.

• Ná trasnaigh an bóthar ar chúinne nó ar chasadh.

• Ná siúil ar shráideanna dorcha i d’aonar san oíche – téigh ag siúl i rith an lae.

• Siúil ar na cosáin i gcónaí.

SAMPLE

BULAÍOCHT

Ar an drochuair, d’fhéadfadh bulaíocht a bheith ina gné de shaol na scoile. Tá sé tábhachtach go dtuigeann tú na fíricí seo faoin mbulaíocht ionas gur féidir leat:

(a) í a aithint

(b) Gníomhú agus cabhair a iarraidh ar na daoine cearta

Cé na príomhchineálacha bulaíochta?

Bulaíocht Fhisiciúil Bulaíocht ó Bhéal Bulaíocht Shóisialta

Duine a bhualadh, duine a bhrú, seile a chaitheamh, Giuirléidí daoine eile a ghoid nó a bhriseadh, comharthaí láimhe a dhéanamh

SAMPLE

Cé na háiteanna ina bhféadfadh bulaíocht tarlú?

D’fhéadfadh bulaíocht tarlú.....

• I gcás duine ar bith

• Aon uair

• Aon áit

• Ar bhealach ar bith

Bagairt a dhéanamh ar dhuine, ag spochadh as duine, baisteachán, ráitis ghnéasacha a rá

Ráflaí a scaipeadh, daoine eile a spreagadh le duine a dhiúltú nó a fhágáil ar lár, náire a chur ar dhuine go poiblí

Conas is féidir liom dul i ngleic leis an mbulaíocht?

• Abair le duine a bhfuil muinín agat as go bhfuil bulaíocht á déanamh ort.

• Fan socair agus i gceannas.

• Labhair le do chuid cairde a bhfuil muinín agat astu agus iarr cabhair orthu.

• Ná taispeáin mothúcháin amhail fearg, eagla nó buairt.

• Bí ceannasach – labhair go soiléir agus go diongbháilte.

• Léirigh muinín – úsáid comharthaíocht dhearfach coirp.

CIBEARBHULAÍOCHT

Tarlaíonn cibearbhulaíocht nuair a úsáidtear eolas agus teicneolaíocht na cumarsáide chun cur isteach ar mhothúcháin duine.

Is féidir le cibearbhulaíocht tarlú trí chur teachtaireachtaí meandracha, seomraí comhrá, suíomhanna vótála ar líne, blaganna agus láithreáin líonraithe shóisialta.

D’fhéadfadh cibearbhulaíocht a bheith an-dainséarach mar gheall ar na nithe seo a leanas:

• Bíonn sé sáraitheach

• Is minic a bhíonn sí anaithnid

• Bíonn sé deacair éalú uaithi nó í a stopadh

• Is gníomh coiriúil í uaireanta

• Cuirtear teachtaireachtaí in iúl do phobal leathan go tapa

AR AN DEA-UAIR, IS IOMAÍ BEALACH A bhFÉADFÁ

TÚ FÉIN A CHOSAINT AR CHIBEARBHULAÍOCHT.

Seo a leanas roinnt leideanna maidir le bheith sábháilte ar an idirlíon:

FOLAIGH DO CHUID SONRAÍ PEARSANTA:

Pasfhocal, PIN, ainm úsáideora agus fíorainm, seoladh ríomhphoist, seoladh baile, uimhir fóin póca, grianghraif phearsanta.

BÉASAÍOCHT IDIRLÍN A LEANÚINT:

Cumarsáid shoiléir a dhéanamh, straoiseoga a úsáid, bheith béasach.

Rudaí is ceart a dheanamh

• Freagairt mar is cóir

• Aon duine a sheolann teachtaireachtaí gránna a bhacadh

• Cinntigh go bhfuil do chuid suíomhanna/ próifílí príobháideach

• Naisc/téacsanna etc. a shábháil

• Cead a lorg sula roinneann tú sonraí aon duine eile

• Do phasfhocal a athrú go minic.

Rudaí nach ceart a dhéanamh

• Teachtaireacht ó dhuine nach bhfuil aithne agat air a oscailt

• Sonraí a thabhairt d’aon duine nach bhfuil aithne agat air san fhíorshaol.

SAMPLE

Is

SAMPLE

is cuma conas a fhoghlaimíonn tú, nó cá háit a bhfoghlaimíonn tú, cé na daoine lena bhfoghlaimíonn tú.

- Saoirse Ronan (1994 -)

Aisteoir Éireannach a bhfuil go leor gradam buaite aici, Gradam

Golden Globe, ceithre ainmniúchán Dhuais an Acadaimh agus

BAFTA san áireamh.

Do Chuid Láidreachtaí Foghlama
í an fhoghlaim an rud is tábhachtaí,

MEON FÁIS

D’fhoghlaim tú an bhrí atá leis an bhfocal ‘teacht aniar’ ní ba luaithe sa mhodúl seo. Bíonn

‘Meon Fáis’ ag daoine a thaispeánann teacht aniar. Faighimis amach níos mó eolais faoi seo....

Céard is meon ann?

Is ionann meon agus cur chuige nó dearcadh an duine.

Cé na cineálacha difriúla meonta atá ann?

Tá dhá phríomhchineál meoin ann. Tugtar Meon Daingean agus Meon Fáis orthu seo.

CAD É AN DIFEAR IDIR MEON DAINGEAN AGUS MEON FÁIS?

“Ní fhoghlaimím aon rud ó bhotúin.”

“níl mé go maith ag rudaí áirithe.”

“Nuair a bhím cantalach, tugaim isteach.”

“Nuair a bhím cantalach, coinním orm.”

“Is féidir liom aon rud a fhoghlaim má dhéanaim mo dhícheall.”

Scrúdaigh an léaráid thuas chun an cineál meoin atá agat a aithint. Cé na teicnící is féidir leat a úsáid chun meon fáis a fhorbairt?

SAMPLE

Do Chuid INTLEACHTAÍ

D’aithin síceolaí darb ainm Howard Gardner ocht gcineál intleachta dhifriúla. Tugtar le fios i dtaighde anois go dtarlaíonn intleachtaí difriúla i gcodanna éagsúla den inchinn.

Seo a leanas na hocht n-intleacht a d’aithin Gardner:

Bheith ar do chumas tú féin a thuiscint, a bheith machnamhach agus eolas a bheith agat ar na rudaí is féidir leat a dhéanamh agus nach féidir leat a dhéanamh, agus ar na háiteanna chun cabhair a fháil. Úsáideann fealsúna, síceolaithe agus ministrí eaglaise an intleacht seo.

Bheith ar do chumas smaoineamh ó thaobh an cheoil de agus éisteacht le patrúin, iad a aithint agus cuimhneamh orthu. Úsáideann ceoltóirí, matamaiticeoirí, ealaíontóirí agus damhsóirí an intleacht seo

Bheith ar do chumas cúis agus éifeacht a thuiscint; uimhreacha a ionramháil.

Bheith ar do chumas ciall a bhaint as spás agus do bhealach a dhéanamh tríd. Úsáideann píolótaí, ealaíontóirí, ailtirí agus tiománaithe carranna rásaíochta an intleacht seo.

EARSANTA SPÁ

Bheith ar do chumas daoine eile a thuiscint agus réiteach leo. Úsáideann múinteoirí, díoltóirí, polaiteoirí, bainisteoirí acmhainní daonna, dochtúirí agus síceolaithe an intleacht seo. CEOLM

Úsáideann eolaithe, matamaiticeoirí agus innealtóirí an intleacht seo.

SAMPLE

CINÉISTÉISEACH TEANGEOLAÍOCH

Bheith ar do chumas gluaiseacht an choirp a rialú agus rudaí a láimhseáil go healaíonta. Úsáideann lúthchleasaithe, aisteoirí agus damhsóirí an intleacht seo.

Bheith ar do chumas idirdhealú a dhéanamh idir nithe beo agus a bheith tuisceanach faoin dúlra. Úsáideann luibheolaithe, éaneolaithe, sciamheolaithe agus na cócairí is fearr an intleacht seo.

Bheith ar do chumas teanga a úsáid. Bheith in ann an méid atá ar intinn agat a chur in iúl agus daoine eile a thuiscint. Úsáideann filí, polaiteoirí agus dlíodóirí an intleacht seo.

M ATAMAITIC
RPHEARSA N T A L O I GHCIÚIL&
NÁDÚRAÍOCH

Machnamh a dhéanamh ar DO chuid láidreachtaí

Meon fáis a fhorbairt ach do chuid intleachtaí a aithint

Cuirfidh duine a bhfuil Meon Fáis acu an cheist seo orthu féin “Cé na bealaí ina bhfuil mé éirimiúil?” seachas “Cé chomh héirimiúil atá mé?”

Úsáid an léaráid thíos chun na hintleachtaí is mó a bhaineann leatsa a aithint. Déan machnamh ar amanna ar úsáid tú an intleacht seo ach sampla ar leith a thabhairt.

An bhfuil an intleacht seo ar cheann de do chuid láidreachtaí?

Tabhar sampla d’uair a d’úsáid tú an intleacht seo:

An bhfuil an intleacht seo ar cheann de do chuid láidreachtaí?

Tabhar sampla d’uair a d’úsáid tú an intleacht seo:

NÁDÚRAÍOCH AMHAIRC-SPÁSÚIL IDIRPHEARSANTA TEANGEOLAÍOCH Cinéistéiseach Cinéistéiseach LOIGHCIÚIL CEOLMHAR
Tá Níl Tá Níl Tá Níl Tá Níl Tá Níl Tá Níl Tá Níl Tá Níl SAMPLE

Ní ardaím

mo ghuth le gur féidir liom béiceadh,

- Malala Yousafzai

(1997- )

ach le gur féidir na daoine nach bhfuil guth acu a chloisteáil

Is gníomhaí de chuid na Pacastáine ar son oideachas na mban í Malala agus is í an duine is óige riamh a bhuaigh Duais Nobel.

Forbraíodh i gcomhpháirt le Aontas na nDaltaí Iar-Bhunscoile in Éirinn (ANDIÉ).

#Cuirtúféininiúl
SAMPLE

Céard is ANDIÉ ann?

An raibh a fhios agat go bhfuil aontas ann a dhéanann ionadaíocht duit?

Déanann Aontas na nDaltaí Iar-Bhunscoile in Éirinn ionadaíocht do dhaltaí agus is iad daltaí a ritheann é.

Is é an comhlacht ionadaíoch náisiúnta do dhaltaí dara leibhéil in Éirinn é. Tá ballraíocht an Aontais bunaithe ar mhúnla chomhairle na ndaltaí, agus tá sé mar aidhm aige tacaíocht, oiliúint agus cúnamh a chur ar fáil do bhaill chomhairlí na ndaltaí.

Tá sé i gceist aige guth níos láidre ar son na ndaltaí a fhorbairt ag gach leibhéal den chóras oideachais. Tá siad ar fáil duit, is é d’aontas é. Déan teagmháil leis an Aontas, bí páirteach, iarr cabhair air. Bunaigh caidreamh leis. Cuir tú féin in iúl!

Conas is féidir leat guth na ndaltaí a neartú i do scoil?

Déan cinnte go bhfuil comhairle ionadaíoch, dhaonlathach daltaí i do scoil.

Glac páirt i gcomhairle na ndaltaí.

GLAC BALLRAÍOCHT IN ANDIÉ (issu.ie/ membership)

Téigh i gcomhairle le daltaí faoi na hathruithe ba mhaith leo a fheiceáil i do scoil.

Ceangail le comhairlí

daltaí eile sa cheantar chun teacht ar bhealaí a bhféadfadh sibh oibriú le chéile.

Déan teagmháil leis na hOifigigh Réigiúnacha de chuid ANDIÉ.

Freastail ar imeacht na Comhairle Réigiúnaí de chuid ANDIÉ i do cheantar (issu.ie/rcs)

Glac páirt i bhfeachtais áitiúla agus náisiúnta. (Téigh chuig issu.ie)

Conas is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi ANDIÉ?

Lean ANDIÉ ar na meáin shóisialta:

@ISSU4u Irish Second-Level www.issu.ie studentvoice@issu.ie Students’ Union

Is féidir leat difríocht a dhéanamh. Ní thuigeann daoine óga, má tá dearcadh réamhghníomhach agat agus má tá tú ag iarraidh teacht ar réiteach - is féidir leat é a dhéanamh. Mo chomhairle: aimsigh daoine eile a bhfuil athrú uathu, tabhair le chéile iad, scríobh an cheist seo a leanas ar phíosa ollmhór páipéir “Cad ba mhaith linn a dhéanamh?”

- Reuben Murray, Uachtarán ANDIÉ

SAMPLE

Spriocanna Forbartha

Inbhuanaithe (SFI) agus

Gníomhaíochas Aeráide

In 2015, chomhaontaigh 193 tír ar Chlár Oibre 2030 agus ar na Spriocanna Forbartha

Inbhuanaithe chun domhan níos fearr a chruthú faoi 2030. Clúdaíonn na 17 sprioc réimse leathan ábhar, agus téann siad i ngleic le go leor de na cúiseanna atá le neamhionannas, bochtaineacht, agus éagóir ar fud an domhain. Tá nasc idir na spriocanna ar fad, agus ní féidir linn aon cheann acu a bhaint amach mura mbainimid na cinn eile amach. Más mian leat a bheith páirteach in inbhuanaitheacht , is féidir leat na nithe seo a leanas a dhéanamh:

• Teagmháil a dhéanamh le heagraíocht atá ag obair ar son SFIanna a bhaint amach, m.sh. UNICEF nó ANDIÉ.

• Gníomhú i do cheantar féin.

• Taighde a dhéanamh ar na SFIanna ar sdgs.un.org nó uaslódáil an aip ‘SDGs in Action’ chun níos mó a fhoghlaim agus teacht ar ghníomhartha timpeall ort!

Conas is féidir leat páirt a ghlacadh i ngníomhaíochas aeráide?

Is do gach duine gníomhaíochas aeráide; glac páirt ann, foghlaim agus cuir do chuid tuairimí in iúl!

• Glac páirt i ngrúpaí a bhfuil baint acu le gníomhaíochas aeráide - trí na meáin shóisialta de ghnáth, nó is féidir leat freastal ar léirsiú!

• Eagraigh gníomhartha pobail amhail glantacháin trá!

• Scríobh chuig comhairleoirí agus Teachtaí Dála áitiúla! (whoismytd.com)

• Cuir feasacht chun cinn i do scoil, i do phobal agus ar líne!

• Tóg céimeanna beaga, amhail athchúrsáil, do bhia féin a fhás, nó siopadóireacht inbhuanaithe a dhéanamh, agus spreag do chairde agus do theaghlach le tabhairt fúthu in éineacht leat!

FIADHÚLRA FAOI THOINN COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ I LEITH NA SPRIOCANNA DEIREADH LE BOCHTAINEACHT DEIREADH LE hOCRAS DEA-SHLÁINTE AGUS FOLLÁINE OIDEACHAS D'ARDCHAIGHDEÁN COMHIONANNAS INSCNE UISCE GLAN AGUS SLÁINTÍOCHT FUINNEAMH GLAN AGUS INACMHAINNE OBAIR CHUIBHIÚIL AGUS FÁS EACNAMAÍOCH TIONSCLAÍOCHT, NUÁLAÍOCHT AGUS BONNEAGAR NEAMHIONANNAS A LAGHDÚ CATHRACHA AGUS POBAIL INBHUANAITHE
GNÍOMHÚ AR
NA
TOMHALTAS AGUS TÁIRGEACHT FHREAGRACH
SON
hAERÁIDE FIADHÚLRA AR TALAMH
DÉANANN TUSA DIFEAR UM FHORBAIRT INBHUANAITHE CANNA
SÍOCHÁIN, CEARTAS AGUS INSTITIÚIDÍ LÁIDRE
SPRI
SAMPLE

Gníomhaíochas Gaeilge

Conas do ghuth a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn!

Conas do ghuth a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn!

Ar scoil:

• Oifigeach Gaeilge a bhunú ar chomhairle na ndaltaí.

• Labhair an Ghaeilge le do chuid cairde agus spreag daoine eile - bíodh spraoi agat léi!

Lasmuigh den scoil:

• Coinnigh suas chun dáta maidir le ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta agus scríobh chuig do chuid ionadaithe poiblí!

• Freastail ar imeachtaí i do cheantar agus bí páirteach ag leibhéal áitiúil a oiread agus is féidir - ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!

• Úsáid an Ghaeilge ar líne agus glac páirt i bpobal na Gaeilge ar na meáin shóisialta!

ANDIÉ agus an Ghaeilge:

• Tacaíonn ANDIÉ go mór leis an nGaeilge, agus d’oibrigh sé le heagraíochtaí éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun obair a dhéanamh ar son na teanga.

• I gcomhar le Conradh na Gaeilge, cuirimid laethanta oiliúna ar fáil do dhaltaí ar mhaith leo baint a bheith acu leis an teanga - coinnigh súil ar www.issu.ie agus ar na meáin shóisialta maidir le heolas faoi dheiseanna iontacha atá le teacht!

Is é an rud is tábhachtaí ná do ghuth a úsáid

- labhair amach ar do shon agus ar son na Gaeilge!

SAMPLE
89F Lagan Road, Dublin Industrial Estate, Glasnevin, Dublin 11, Ireland, D11 F98N. info@examcraftgroup.ie www.examcraftgroup.ie 01-8081494
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.