Aistear gruama, dorcha ait ‘The Nobody Zone’

Fantaiseor nó dúnmharfóir? Is de réir a chéile a thabharfaidh an tsraith seo a breith

Aistear gruama, dorcha ait ‘The Nobody Zone’

Ós na seascaidí ar aghaidh chuir dlite fuaidireachta an ruaig ar dhaoine gan dídean ó shráideanna Londain. Bhíodh na créatúir seo ag bailiú i dteannta a chéile i bpáirceanna, ar choimíní agus i reiligí. ‘Nobody Zones’ a baisteadh ar na háiteanna seo le drochmheas. Éireannaigh a bhí i gcuid mhaith acu, an saol imithe ina n-aghaidh agus iad tite chun óil.  

Ina measc bhí Kieran Kelly ó Bhaile Átha Cliath a d’ardaigh a sheolta i 1953. Lá de na laethanta i 1983 ghoid sé fáinne óir agus rug na Gardaí air. Tamall tar éis dóibh é a chur i gcillín chualathas scread uafáis; bhí Kelly tar éis an duine sa chillín leis a thachtadh. Sa cheistiúchán a lean thosaigh Kelly ag admháil go raibh breis is deichniúr curtha de dhroim seoil aige. Leath súile na bpóilíní le hiontas. An fantaiseoir nó dúnmharfóir srathach a bhí os a gcomhair amach?  

Déanfaidh an tsraith The Nobody Zone: Interview With an Irish Serial Killer (RTÉ1, Dé Luain) an scéal seo a reic. Tá an dráma faisnéise bunaithe ar an bpodchraoladh The Nobody Zone a craoladh in 2020. Tá an dá shaothar acu ag brath go mór ar phíosa taifeadta de bhabhta ceistiúcháin amháin ina bhfuil Kelly ag insint a scéil agus ag déanamh file caoch de na póilíní. Ní aiteas go dtí é. Tá Ned Dennehy earcaithe do na míreanna athchruthaithe agus cúpla uair déanann sé beolbheachtú ar ábhar na téipe. Déanann sé a chúram go cumasach sna míreanna slachtmhara seo. Lena chois sin, tá Peter Coonan mar thráchtaire sa tsraith agus ionchur againn ó dhuine de na bleachtairí a chuir fé agallaimh é, Ian Brown, a dhlíodóir, John Slater, agus Robert Mulhern, a scríobh leabhar faoin gcúram.  

Arís is arís eile tugtar ar ais sinn chuig an gcéad dúnmharú a dúirt sé a dhein sé; gur mharaigh sé a chara Christy Smity i 1953. Tá bearnaí á n-aimsiú i scéal Kelly i rith an ama. Ní haon iontas gur ‘How many Have You killed?’ teideal an chéad ghála.  

Ní fhaighimid freagra na ceiste sin sa chéad chlár. Kelly ag trácht ar na daoine a thacht, a sháigh agus a chrústáil sé chun báis. Ní raibh a fhios agam an raibh rudaí á samhlú dó nó an dúnmharfóir síceapatach é.  

Téama eile a rith tríd an gclár ná an cineál saoil agus an fochultúr a bhí ag na créatúir seo a mhair sa Nobody Zone. Iad dearmadta ag an tír dhúchais agus a dtír nua ag iarraidh neamhaird a dhéanamh orthu. B’fhéidir gur chuir sin le drochstaid intinne Kelly.  

Fantaiseor nó dúnmharfóir? Is de réir a chéile a thabharfaidh an tsraith seo a breith. Go dtí sin tabharfar ar aistear gruama, dorcha, ait sinn. 

Fág freagra ar 'Aistear gruama, dorcha ait ‘The Nobody Zone’'