Bliain gan sárú i gCill na Martra ach ábhar díomá do mhná na Gaeltachta i gcluichí ceannais

Caitheann Tuairisc súil siar ar conas mar a d’éirigh le clubanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta CLG i gCúige Mumhan agus sna cathracha i mbliana

Bliain gan sárú i gCill na Martra ach ábhar díomá do mhná na Gaeltachta i gcluichí ceannais

Foireann bhuacach Chill na Martra. Pic: Facebook/Cill na Martra GAA

Corcaigh 

Beifear ag caint faoi 2023 as seo go ceann tamall fada thart timpeall Mhúscraí agus bliain dhochreidte ag peileadóirí Chill na Martra i mbliana. 

Théis dóibh cliseadh ar feadh roinnt mhaith blianta i mbabhtaí deireanacha an Phríomhghráid Idirmheánaigh, d’éirigh leo craobh an chontae agus craobh an chúige a bhuachan an séasúr seo agus níl deireadh déanta go fóill agus iad ag fáil réidh do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann. 

Taispeántas cinniúnach a thug Cill na Martra i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe i gCorcaigh agus teacht aniar déanta acu chun Uíbh Laoghaire a shárú. Bua cumasach a bhí acu ar Bhaile Chaisleáin Bhéarra sna babhtaí leathcheannais agus cé go raibh an chuma ar an scéal nach mbeadh an lá leo sa chluiche ceannais i gcoinne Bheanntraí, chinntigh trí phointe ó Shane Ó Duinnín ag deireadh an chluiche sin an bua dóibh i bPáirc Uí Chaoimh, 3-11 in aghaidh 2-13. 

Bhuaigh Cill na Martra ansin ar Chill Mhichíl an Chláir agus Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge Chiarraí i gcúige Mumhan sular bhuaigh siad craobh an chúige le bua cuimsitheach ar Mhungairit Naomh Pól as Luimneach coicís roimh an Nollaig. 

Pé toradh a bheidh ar chluiche leathcheannais na hÉireann idir iad féin agus an Caisleán Riabhach ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí Eanáir, beidh Cill na Martra ag imirt sa Chraobh Shinsir A i gCorcaigh an bhliain seo chugainn agus iad curtha sa ghrúpa céanna le Béal Átha an Ghaorthaidh sa chomórtas sin. 

Beidh Béal Átha an Ghaorthaidh féin ag iarraidh ardú céime a bhaint amach tar éis dóibh cliseadh i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe i mbliana nuair a fuair Cnoc na Graí an ceann is fearr orthu. 

Tá Naomh Abán fanta sa Phríomhghrád Idirmheánach ach níor éirigh leo dul níos faide ná babhtaí na ngrúpaí agus cluiche amháin as trí cinn buaite acu. 

Chuaigh na mná ó chumann Bhaile Bhuirne ó neart go neart in 2023. Tar éis dóibh craobhacha sóisir Chorcaí agus na Mumhan a bhuachan anuraidh, níor chuir an t-ardú caighdeáin tada as do Naomh Abán agus iad imithe díreach ar aghaidh go dtí cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí i mbliana. Bhí mí-ádh dearg orthu sa chluiche sin agus an ceann is fearr faighte ag Gleann Maighir orthu a bhuíochas do dhá chúilín ag deireadh an chluiche ceannais. Bhí Gleann Maighir tar éis trí cinn de chluichí ceannais a chailliúint as a chéile le blianta beaga anuas agus ba cheart go dtabharfadh sé misneach do Naomh Abán go ndeachaigh Gleann Maighir ar aghaidh chun Craobh Idirmheánach na hÉireann a bhuachan an mhí seo, rud a léiríonn a gcumas. 

Imreoirí an Daingin ag ceiliúradh a mbua in aghaidh Chluain Meala. PicL INPHO/Laszlo Geczo

Ciarraí 

Bhí neart ábhar ceiliúrtha ann ag Daingean Uí Chúis in 2023 ach chríochnaigh an bhliain leis an díomá agus briseadh croí i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na Mumhan. Is i ndiaidh ciceanna éirice a chaill fir Chorca Dhuibhne an choimhlint dhrámatúil sin i gcoinne Ghleann Bearcháin Chorcaí. Bhí deiseanna ag an Daingean an cluiche a bhuachan sa ghnáth-am, san am breise agus arís le linn na gciceanna éirice ach níor éirigh leo na Corcaígh a chur de dhroim seoil agus is ag cuimhneamh ar na deiseanna nár tapaíodh a bheidh na himreoirí i ndiaidh an chluiche i nDurlas. 

Cuir an chaoi ar thit siad as a chéile in aghaidh Chiarraí Láir i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh an Chontae sa mhullach air sin agus is cinnte go mbeidh údar frustrachais ag fir an Daingin. Ach, nuair a chaifear súil siar ar an mbliain trí chéile, beidh neart údar bróid acu chomh maith. 

Is mar thoradh ar a mbua i gCraobh Shinsir na gClubanna, an dara huair riamh dóibh an comórtas sin a bhuachan, a bhain an Daingean áit amach i gCraobh na Mumhan agus níl aon amhras ach go bhfuil siad ar cheann de na cumainn is láidre sa chontae, nó ar an gceann is láidre faoi láthair.  

Bhuaigh an Daingean Craobh Chiarraí Thiar den séú huair as a chéile freisin i mbliana, rud nach ndearnadh ach aon uair amháin cheana, agus nuair a chuirtear na boinn uile-Éireann a bhuaigh Tom O’Sullivan, Paul Geaney agus an gradam All-Star a thug Tom leis, is beag bliain níos fearr a bhí ag an gcumann. 

Údar sásaimh do lucht na Gaeltachta thiar gurb iadsan go fóill an t-aon dream sa chomharsanacht a bhfuil Craobh Shinsir na Mumhan buaite acu ach is beag a bhí le ceiliúradh ag fir an chumainn seachas sin agus theip orthu teacht amach as an ngrúpa i gCraobh Idirmheánach Chiarraí. 

Cé nár éirigh le mná Chorca Dhuibhne babhtaí ceannais na craoibhe idirmheánaí a bhaint amach, rinne Niamh Ní Chonchúir agus Louise Ní Mhuircheartaigh gaisce do Chiarraí agus iad imithe chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann arís agus cé gur sháraigh Áth Cliath iad ar an lá mór, tugadh aitheantas faoi leith d’iarrachtaí an Mhuircheartaigh i gcaitheamh na bliana agus i roghnaithe mar Imreoir na Bliana. 

I bPríomhchraobh Shóisir na bhFear, fanfaidh Piarsaigh na Dromada sa tríú grád go ceann bliana eile tar éis dóibh cailliúint i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sin ach tá an t-ardú céime bainte amach ag Lios Póil tar éis dóibh an Chraobh Nóibhíseach a bhuachan mí na Samhna le bua ar Dhubháth théis am breise, 0-17 in aghaidh 0-14. 

Imreoirí agus lucht tacaíochta an tSeanphobail. Pic: Facebook/CLG An tSeanphobail

Port Láirge 

Tar éis dóibh teacht slán sna babhtaí dícháilithe in 2022, bhí bliain níos fearr ag peileadóirí na Rinne in 2023. D’éirigh leo dul chomh fada le babhtaí leathcheannais na Craoibhe Sinsir i mbliana ach theip orthu an cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair le nach mór 100 bliain agus an ceann is fearr faighte orthu ag Ráth Ó gCormaic, foireann ar éirigh leo an cluiche ceannais a bhuachan ina dhiaidh sin. 

Sna babhtaí leathcheannais chomh maith a chlis ar iománaithe na Rinne agus an ceann is fearr faighte ag Ródaithe na Brice orthu i gCraobh Idirmheánach an Iarthair. Ródaithe na Brice a chuir deireadh le séasúr fhoireann camógaíochta na Rinne chomh maith agus iad sáraithe sna babhtaí leathcheannais ach bhí ábhar bróid ag an gcumann chomh maith agus triúr, Aoife Landers, Sarah Morrissey agus Oneila Whelan ar fhoireann Phort Láirge a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann mí Lúnasa. 

Chuaigh an Seanphobal chomh fada le cluiche ceannais Chraobh Shóisir A Phort Láirge ach chaill siad in aghaidh an Bhaile Dhuibh ach bhí údar ceiliúrtha ag an gcumann i mbliana agus Craobh Shóisir C an chontae buaite ag iománaithe an tSeanphobail. 

Bíonn ógánaigh an tSeanphobail agus na Rinne le chéile faoi bhrat na Gaeltachta agus d’éirigh le buachaillí Faoi 20 an chumainn Craobh C an Iarthair a thabhairt leo níos luaithe an mhí seo. 

Steve Ó Donnchú, Seán Anderson, Daniel Talbóid, Caoimhe de Búrca, Sophie Bennett, Daithí de Buitléir, Annamarie Farrelly

Na Cathracha 

I mBéal Feirste, chuaigh fir Laochra Loch Lao chomh fada le babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sóisir don dara bhliain as a chéile ach fuair Naomh Maolmhaodhóg an ceann is fearr orthu le haon phointe amháin chun na babhtaí leathcheannais a bhaint amach. 

Ógánaigh na nGael Óg a bhí ag déanamh gaisce don chumann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath i mbliana agus comórtais sraithe agus chraoibhe buaite acu. Tugadh aitheantas speisialta don obair atá déanta ag na Gaeil Óga i gcúrsaí faoi aois nuair a roghnaíodh iad mar chumann iomána agus camógaíochta faoi aois na bliana ag an eagraíocht Cairde na hIomána i mBaile Átha Cliath. 

I nGaillimh, d’éirigh le fir Ghaeil na Gaillimhe dul chomh fada le cluiche ceannais an iarthair sa Chraobh Shóisir C ach fuair Eanach Cuain an ceann is fearr orthu. Bhí údar díomá ag mná an chumainn chomh maith nuair a chlis orthu i gcluiche ceannais na sraithe in aghaidh Órán Mór-Mearaí. 

Fág freagra ar 'Bliain gan sárú i gCill na Martra ach ábhar díomá do mhná na Gaeltachta i gcluichí ceannais'