Faraor, ní hiad na geansaithe gránnna an fhadhb is mó atá ag cur as do Chorcaigh

Cé gur bhuadar a gcéad chluiche sraithe i mbliana an deireadh seachtaine seo caite, tá níos mó ag teastáil ó chleas Chorcaí

Faraor, ní hiad na geansaithe gránnna an fhadhb is mó atá ag cur as do Chorcaigh

Pictiúr: INPHO.IE

Comhghairdeas le Jarlath Burns a chuir tús lena thrí bliana mar uachtarán Chumann Lúthchleas Gael an Satharn seo caite. Guím gach rath ar an nGaeilgeoir agus fear uasal aeo.

Is deacair a chreidiúint go mbeidh tús á chur leis an gcraobhchomórtas an mhí seo chugainn. Ach sin mar atá.

I Roinn 1A na sraithe ní dóigh liom gur tharla aon rud as an ngnáth fós. Tá muid cinnte faoi chúpla contae nach mbeidh i Roinn 1 in 2025 agus tá cúpla contae ar an imeall agus an-tábhacht ag baint leis an dá chluiche atá fágtha. Faraor níl aon chluiche ann an deireadh seachtaine seo.

I measc na gcontaetha sin atá ar an imeall tá mo chontae féinig, Corcaigh. Agus ar bharr mo liosta gearán fúthu tá na geansaithe a chaitheadar an Domhnach seo caite. D’fhéachadar suarach gránna i mo thuairimse agus tá súil agam gurbh é sin an chéad uair agus an uair dheireanach a bhfeicfimid iad!

Maidir lena dtaispeántas, bhuel bhíos féin díomách go leor ina dhiaidh. Sea, bhuadar den chéad uair sa tsraith, ach ní raibh Port Láirge thar mholadh beirte ar feadh tréimhsí fada sa chluiche. Mar chluiche bhí sé leamh gan anam agus amanta eile ba gheall le cluiche taispeántais é. Bhí Port Láirge d’uireasa cuid mhaith imreoirí tábhachtacha agus caithfidh go mbeidh siad níos fearr agus na himreoirí sin acu.

Tá níos mó fianaise ag teastáil ó chleas Chorcaí ach tá siad ag éirí gann ar am is deiseanna mar atá na foirne go léir atá ar bheagán pointí fós.

I measc na bhfoirne sin tá Uíbh Fhailí atá ar phointe amháin ach tá comharthaí ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acusan. Bhí tréimhsí sa chéad leath ina rabhadar an-suntasach i gcoinne Chill Chainnigh an Domhnach seo caite. D’imríodar an-iomáint sa chéad cheathrú agus bhí Eoghan Cahill ar fheabhas.  Agus iad 0-7 i gcoinne 0-2 chun tosaigh ag deireadh na ceathrún sin agus farasbarr sé chúilín acu ag leath ama. Ach fuair na Cait smacht ar chúrsaí i ndiaidh na feide giorra. Mar sin féin, tríd is tríd, caithfidh go bhfuil leantóirí Uíbh Fáilí sásta go leor leis an bpainéal seo atá breac le himreoirí óga.

Caithfidh leantóirí Loch Garman a bheith sásta go leor leis an séasúr iomána go dtí seo freisin. Agus foireann bainistíochta nua acu faoi stiúir Keith Rossiter, tá Corn an Bhreathnaigh buaite agus gan aon chluiche sraithe caillte acu fós. Dar ndóigh níl aon chluiche sraithe buaite acu ach an oiread ach tá dul chun cinn á dhéanamh acu agus móiminteam fúthu agus iad fós d’uireasa Rory O Connor, Conor McDonald agus Liam Óg McGovern. Agus tá an móiminteam sin an-tábhachtach agus an séasúr craoibhe ag teannadh linn. Nuair a bhíonn Lee Chin ag imirt, is treise iad san imirt agus leis na pocanna saora, mar gan eisean bhí céatadán na bpocanna saora a scóráladar íseal go leor. Nuair a thagann an chuid chinniúnach den séasúr bíonn gach uile ghné den imirt tábhachtach.

I Roinn 1B na sraithe bhí cluichí an deireadh seachtaine an-aontaobhach agus scóranna arda á saothrú ag na buaiteoirí. Chríochnaigh Luimneach le 3-30 as beagnach seasca deis scórála i gcoinne Bhaile Átha Cliath a bhí iomaíoch go leor go dtí leath ama. Bhí 3-25 ag Tiobraid Árann i gcoinne na hIarmhí ach ghéill na Tiobraid Árannaigh 2-21. Ins an chluiche deireanach sa roinn chuir an Ghaillimh 2-35 ar chlár na scór thuas i gcontae Aontroma.

Táim ag súil leis an dá bhabhta atá fágtha, go háirithe cluichí Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann agus na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Faraor, ní hiad na geansaithe gránnna an fhadhb is mó atá ag cur as do Chorcaigh'

  • Carraig53@protonmail.com

    Tá buaite glan ag CLG Corcaigh maidir le gráiniúlacht ar a lán slite;
    na geansaithe gáifeacha, uafara úd (cochall draíochta an chéad rud eile i gcomhair ‘Batmen Chorcaí’ is dócha?), sainnt, ‘ceol’ a chuirfeadh na hasail féin ag grágaíl, gan aon pholasaí Gaeilge acu agus cantairí aonair le haghaidh Amhrán na bhFiann nach eol dóibh, is léir, brí ná fuaimniú ná na bhfocal. Cuirtear na liricí ar scáileán mór (amhail Páirc an Chrócaigh) ionas gur féidir don slua ár n-amhrán náisiúnta féin a chanadh i gcomhpháirt le chéile. N’fheadraí ná go dtabharfadh sé spreagadh do na himreoirí!!!?

  • Alan Titley

    Tá sibh ródhian ar na geansaithe nua iomána sin. Tar éis an tsaoil comharthaíonn siad an poll dubh atá i lár an chluiche iomána sa chontae, agus is é is brí leis an stráicí beaga dearga ná an beagán fola atá fanta iontu. Ba cheart do na peileadóirí iad a chaitheamh chomh maith.

  • Carraig53@protonmail.com

    “An beagán fola”, go deimhin, oiread na frí’.
    Cad déarfadh Ringy – laoch mór ‘na mbindealán agus na martfhola’ – leo, n’fheadar? Ar gheall le Tutankamen na hiomána é féin, babhtaí, leis an méid bindealáin a bhí timpeall air? An bhfuil sé ag iomrothlú ina uaigh? An mbeidh Texaco Páirc Uí Rinn chugainn sara fada chomh maith? Dá mairfeadh sé is amhlaidh a chaithfeadh sé a chamán sa tine le teann seirfin is déistine.