Imelda May á ‘tumadh’ féin sa Ghaeilge agus sna sean-amhráin do chlár teilifíse nua

Agus sraith nua beartaithe aici faoi shaothar na mbailitheoirí ceoil, deir Imelda May gur mhaith léi a ‘féiniúlacht Ghaelach a chothú arís’ tar éis scór bliain i Londain

Imelda May á ‘tumadh’ féin sa Ghaeilge agus sna sean-amhráin do chlár teilifíse nua

Deir an t-amhránaí aitheanta Imelda May go bhfuil sí ag súil lena “féiniúlacht Ghaelach a chothú arís” agus í scór bliain ina cónaí i Londain.

Ag labhairt di le Tuairisc faoina sraith nua teilifíse Gaeilge, atá coimisiúnaithe ag RTÉ, dúirt Imelda May go bhfuil sí “ar bís” faoin tsraith agus gur deis a bheas ann di “filleadh ar a dúchas”.

“Tar éis scór bliain a chaitheamh i Londain, ba mhaith liom m’fhéiniúlacht Ghaelach a chothú arís,” a dúirt sí.

Sa tsraith An Leabhar Nótaí le Imelda May, atá á léiriú ag Redshoe Productions, beidh an t-amhránaí, file agus ceoltóir mór le rá, ag tabhairt cuairt ar an Ghaeltacht agus ar na háiteanna atá luaite le bailitheoirí móra ceoil na hÉireann.

Beidh amhráin ó na bailiúcháin éagsúla, cuid acu atá ligthe i ndearmad, á mbreacadh síos aici ina leabhar nótaí agus iad á bhfoghlaim agus á gceol aici le linn na sraithe.

“Tá lorg mhuintir na hÉireann sna bailiúcháin seo, daoine ilchineálacha a raibh féiniúlacht agus mianta éagsúla acu, mianta a bhí folaithe go minic, ach maireann a gcuimhne ina gcuid amhrán.

“Tá mé ar bís ar fad faoin tsraith, a chaithfidh solas nua ar na daoine seo agus ar an saol a bhí acu sa 20ú haois,” a dúirt Imelda May.

I measc na mbailitheoirí a mbeidh a saothar faoi chaibidil sa tsraith, tá an píobaire aitheanta as Baile Átha Cliath Séamus Ennis, a raibh baint mhór aige le hathbheochan na píbe uilleann, Alan Lomax, eitnicheoleolaí as Meiriceá, a tháinig go hÉireann ag tús na 1950idí chun an ceol traidisiúnta a chaomhnú, Róise Rua nó ‘Róise na nAmhrán’, as an oileán Gaeltachta Árainn Mhór i nDún na nGall, a raibh stór mór amhrán aici, agus Honoria Galway as Doire, bailitheoir ceoil agus amhrán a bhailigh ceol agus amhráin as Inis Eoghain.

Sraith sé chlár a bheidh i Leabhar Nótaí le Imelda May, a bheidh á taifeadadh an bhliain seo chugainn. Deirtear linn go mbeidh an t-amhránaí sa tóir ar amhráin “ón Ghaeltacht agus lasmuigh di, amhráin nach bhfuil chomh mór sin i mbéal an phobail”.

Deir lucht léirithe na sraithe go mbeidh Imelda May “á tumadh féin sa Ghaeilge” agus í “ag leanúint chosán na mbailitheoirí agus ag tabhairt faoi na bóithre céanna ar thug siadsan fúthu céad bliain ó shin”.

Mar chuid den tsraith, beidh Imelda May ag obair le ceoltóirí agus amhránaithe óga na Gaeltachta, chomh maith le cumadóirí agus ceoltóirí mór le rá. Beidh leaganacha nua de na sean-amhráin á dtaifeadadh.

Beidh An Leabhar Nótaí le Imelda May le feiceáil ar RTÉ in 2025.

Fág freagra ar 'Imelda May á ‘tumadh’ féin sa Ghaeilge agus sna sean-amhráin do chlár teilifíse nua'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Meas tú an mbeidh an tsraith seo le feiceáil le linn agus dírithe ar sheachtain mhór fhada thús an Mhárta.

  • Cristine Ui Labhra

    Táim ag súil go mór leis an gClár nua SEO.Tá neart amhrán nach gcloistear níos mó faraor. Tá neart amhránaithe freisin imithe 😭