‘Cearta’ go leor: Cóisir ag Kneecap i bPáirc an Chrócaigh

Naoise, ar lár, lena dheartháireacha Ainle, ar chlé, agus Cairbre ag Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh

Naoise ag pógadh an choirn le hAinle agus Cairbre

thumbnail:  Naoise, ar lár, lena dheartháireacha Ainle, ar chlé, agus Cairbre ag Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh
thumbnail: Naoise ag pógadh an choirn le hAinle agus Cairbre
Gearóid Ó Muilleoir

Deir ceoltóir Kneecap Móglaí Bap go bhfuil sé “iontach bródúil” as a dheartháir Cairbre atá ina chóitseálaí nirt agus aclaithe le seaimpíní na hÉireann, Luimneach.

Bhí Móglaí Bap – Naoise Ó Cairealláin – i bPáirc an Chrócaigh lena dheartháir eile Ainle fosta chun bua Luimnigh sa chluiche ceannais iománaíochta a fheiceáil Dé Domhnaigh.

Agus ar nós fhoireann Luimnigh, fuair sé féin seans póg a thabhairt do Chorn Liam Mhic Cárthaigh.

Dúirt sé le Seachtain: “Tá mé iontach bródúil as agus bhí lá mór againn ann.

“Bhí Cairbre ag obair ar an pháirc agus ag an deireadh fuair sé cúpla moladh maith ón fhoireann.

“Seo an tríú Craobh Éireann ag Cairbre. Ní stadann sé!”

Bhíodh Cairbre ag obair le foireann ban Arsenal i Londain sula bhfuair sé post le foireann iománaíochta Thiobraid Árann agus bhí sé leo nuair a bhain siad Craobh na hÉireann in 2019.

“D’imigh an fhoireann agus Cairbre ar ais go Luimneach ina dhiaidh ach chuaigh muid ar an drabhlás i mBaile Átha Cliath,” a dúirt Naoise.

Is é Cairbre an deartháir i lár an triúir – is é Naoise is óige agus tá Ainle i mbun seomra aclaíochta i gCorcaigh agus sa Phalaistín.

An tseachtain seo sheol Kneecap camchuairt Mheiriceá i mí Dheireadh Fómhair.

Dúirt Móglaí Bap: “Tá muid ag fanacht leis an scannán a theacht amach, agus beidh muid i bPáirc na bhFál i mBéal Feirste i mí Lúnasa agus ansin Meiriceá.

“Beidh muid amuigh trí seachtaine ó Toronto go LA – an chéad uair ann ó bhí muid ann roimh Covid.”