Harry Potter, oícheanta dorcha, tine thíos agus drochaimsir amuigh... is breá liom é!

Harry Potter agus an Órchloch

Robbie Coltrane mar Hagrid

Richard Harris mar an tOllamh Albus Dumbledore

thumbnail: Harry Potter agus an Órchloch
thumbnail: Robbie Coltrane mar Hagrid
thumbnail: Richard Harris mar an tOllamh Albus Dumbledore
Dáithí Ó Sé

Cothrom an lae seo an tseachtain seo caite bhíos ag teacht beo ar Today ó Loch Gorman agus sinn ar fad ag ullmhú d’Oíche Shamhna. Bhí ana-lá againn sa Pháirc Náisiúnta Oidhreachta atá ar an mbaile sin.

Thugas liom an t-eolas ar fad a bhí bailithe agam ann fé Oíche Shamhna abhaile agus bhí leanaí an bhaile ag éisteacht go cúramach agus mé ag athinsint na scéalta ar fad oíche Dé Luain.

Is ócáid iontach Oíche Shamhna ar ár mbóthar. Téann muid go gach tigh – is breá leo siúd nach bhfuil leanaí sa tigh nuair a thagann an grúpa againn. Bíonn gach éinne ina dtigh fhéin ag a 9.30. Breá luath.

Bhíos féin agus an fear beag ag cluiche ceathrú ceannais iomána na Gaillimhe ar an Satharn – na Tómasaigh agus Ceapadh an tSeagail a bhí le chéile. Ní raibh scanradh na Samhna in ann dúinn.

Bhí na Tomásaigh ró-láidir. An tráthnóna sin thugamar fé scannán scanrúil don ndeireadh seachtaine a bhí ann. Harry Potter agus an Órchloch – an chéad cheann sa tsraith.

Ní raibh aon cheann dos na scannáin seo feicthe agam riamh ar chúis éigin. Bhí an fear beag ag gáire fé seo agus ag féachaint orm gur sórt leath-amadáin a bhí ionam – b’fhéidir go bhfuil an ceart aige. Tá na Gaeil go láidir ann le Richard Harris agus Fiona Shaw lárnach ann. B’fhéidir ná raibh seo feicthe agam agus muna raibh, bhí sé feicthe míle babhta ag an bhfear beag.

Thug sé an tráthnóna ag rá liom cad a bhí ag teacht agus ‘fan leis seo agus fan go bhfeicfidh tú é siúd’. Bhíos ag gáire fé seo ag deireadh.

Tá an scannán lán le ceann cait nó ulchabháin – tráthúil go maith go raibh ceann liom beo ar an aer ó Loch Gorman an tseachtain seo caite, Einstein baineann. Fuaireas sórt tuiscint níos fearr orthu an lá sin, bhuel go dtí go bhfacas iad sa scannán seo. Bhíos níos tógtha le hEinstein!

Cailleadh Robbie Coltrane le déanaí chomh maith, nó Rubeus Hagrid – ceann dos na carachtair is fearr i Harry Potter.

Fear mór láidir agus canúint ar leith le dul leis. Bhí an fear beag ar an eolas go raibh sé caillte. N’fheadar conas a chuala sé é seo agus nuair a cheistíos é mar gheall air ní raibh a fhios aige fhéin.

Caithfidh mé a rá gur thaithin Harry Potter liom agus tá na cinn eile ag dul ar an liosta dos na deirí seachtaine atá amach romhainn mar go bhfuil an geimhreadh istigh anois agus na cloig imithe siar.

Is breá liom nuair a tharlaíonn sé seo. Tá’s agam gur fuath le daoine nuair a bhíonn sé dorcha ag a cúig sa tráthnóna. Ní chuireann sé isteach orm in aon chor agus níl faic níos deise ná nuair a bhíonn an tine thíos agus an drochaimsir taobh amuigh.

An rud mar gheall ar na cloig ag dul siar ná go mbíonn orthu dul ar aghaidh san Aibreán. Bhí caint ar dheireadh a chur leis seo cúpla bliain ó shin. Tá súil agam go bhfanfaidh rudaí mar atá.

Táim ag súil leis an ndeireadh seachtaine seo. Bead ag cóisir na gCiarraíoch i Londain. Go sábhála Dia sinn!