Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 44

An nGlacann Dia le Gach Cineál Ceiliúradh?

An nGlacann Dia le Gach Cineál Ceiliúradh?

Tá Iehova ag iarraidh orainn taitneamh a bhaint as an saol agus a bheith ag ceiliúradh ó am go ham. Ach an nglacann Sé le gach ceiliúradh agus féile? Cén chaoi ar féidir linn ár ngrá d’Iehova a léiriú sa gcás seo?

1. Cén fáth a bhfuil Iehova míshásta le roinnt féilte?

B’fhéidir go gcuirfeadh sé ionadh ort a fháil amach go bhfuil go leor de na hócáidí ceiliúrtha bunaithe ar theagasc neamh-scrioptúrtha agus ar nósanna págánta. D’fhéadfadh roinnt den cheiliúradh a bheith bainteach le reiligiún bréagach. B’fhéidir go mbíonn na hócáidí seo ceangailte le spioradachas nó bunaithe ar an teagasc go maireann an t-anam go deo. Tá roinnt féilte bunaithe ar phiseoga nó ar dhia na cinniúna. (Íseáia 65:11) Tugann Iehova foláireamh dá adhraitheoirí: “Scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan.”2 Corantaigh 6:​17. a

2. Cén chaoi a mothaíonn Iehova faoi fhéilte a thugann an iomarca onóra do dhaoine?

Tugann Iehova foláireamh dúinn gan ár muinín a chur i ndaoine. (Léigh Irimia 17:5.) Tugann roinnt féilte onóir do rialtóirí nó do shaighdiúirí. Ceiliúrann daoine eile neamhspleáchas nó siombailí náisiúnta ar nós bratacha. (1 Eoin 5:​21) Bíonn daoine eile ag cur gluaiseachtaí polaitiúla nó sóisialta chun cinn. Cén chaoi a mothódh Iehova dá dtabharfadh muid an iomarca onóra do dhuine nó d’eagraíocht, go háirithe má tá siad ag cur chun cinn tuairimí nach réitíonn lena chuspóir?

3. Cén saghas iompair nach bhfuil inghlactha ó thaobh ceiliúradh de?

Cáineann an Bíobla ‘meisce, ragairne, agus ól.’ (1 Peadar 4:3) Tá drochiompar agus cleachtais mhímhorálta ag baint le roinnt féilte. Chun a bheith ina gcairde ag Iehova, caithfidh muid fanacht glan ar na cleachtais mhímhorálta sin.

DÉAN TAIGHDE

Faigh amach faoin gcaoi ar féidir leat Iehova a shásamh trí chinntí maithe a dhéanamh maidir le féilte agus ceiliúradh.

4. Ná bí páirteach i gceiliúradh a léiríonn dímheas ar Iehova

Léigh Eifisigh 5:​10, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard a chaithfidh muid a chinntiú nuair atá muid ag déanamh cinneadh maidir le féile a cheiliúradh?

  • Cé na féilte a bhíonn ar bun i do cheantar?

  • An gceapann tú go bhfuil Iehova sásta leis na féilte seo?

Meas tú céard a cheapann Dia faoi breithlá a cheiliúradh? Ba ag daoine nach mbíodh ag adhradh Iehova a bhí an dá chóisir breithlá atá luaite sa mBíobla. Léigh Geineasas 40:​20-​22 agus Matha 14:​6-​10. Ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén ceangal atá idir an dhá bhreithlá seo?

  • Agus tú ag cur na scrioptúr seo san áireamh, cén chaoi a gceapann tú a mothaíonn Iehova faoi bhreithlá a cheiliúradh?

B’fhéidir go bhfuil tú fós ag smaoineamh, ‘Ar miste le Dia dá nglacfainn páirt i gceiliúradh breithlae nó i gceiliúradh neamh-scrioptúrtha eile?’ Léigh Eaxodus 32:​1-8. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé na ceisteanna a leanann.

  • Cén fáth a gcaithfidh muid déanamh cinnte de na rudaí atá inghlactha ag Iehova?

  • Cén chaoi a ndéanfaidh muid é sin?

Níl glacadh ag Dia le féile . . .

  • má tá sí bunaithe ar theagasc neamh-scrioptúrtha. Chun tuilleadh a fháil amach, déan taighde ar a bunús.

  • má thugann sí an iomarca onóra do dhaoine, d’eagraíocht nó do shiombailí náisiúnta. Tugann muid onóir d’Iehova mar cuirfidh sé deireadh le fadhbanna an domhain.

  • mura bhfuil a gnásanna agus a cleachtais ag teacht le caighdeáin an Bhíobla. Caithfidh muid fanacht glan go morálta.

5. Cabhraigh le daoine ómós a léiriú do do chreideamh

D’fhéadfadh sé a bheith deacair nuair a táthar ag cur brú ort páirt a ghlacadh i gceiliúradh nó i bhféile phágánta. Mínigh do chinneadh go hómósach. Chun é sin a dhéanamh, seinn an FÍSEÁN.

Léigh Matha 7:​12, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Ar chóir duit a rá le daoine i do theaghlach nach féidir leo féilte áirithe a cheiliúradh?

  • Cé nach mbeidh tú ag ceiliúradh le do theaghlach, cén chaoi a míneofá dóibh go bhfuil meas agat orthu?

6. Tá Iehova ag iarraidh orainn a bheith sona

Tá Iehova ag iarraidh orainn taitneamh a bhaint as ócáidí speisialta in éineacht lenár dteaghlach agus lenár gcairde. Léigh Cóheilit 8:​15, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a léiríonn an véarsa seo go bhfuil Iehova ag iarraidh orainn a bheith sona?

Tá Iehova ag iarraidh ar a shearbhóntaí am maith a bheith acu lena chéile. Seinn an FÍSEÁN chun a fheiceáil go raibh sé seo amhlaidh ag ár gcomhdhálacha idirnáisiúnta.

Léigh Galataigh 6:​10, ansin plé na ceisteanna seo:

  • An gá dúinn féilte a cheiliúradh chun go “ndéanaimis an mhaith do chách?”

  • Céard a chuireann lúcháir ort—a bheith faoi oibleagáid lena bheith flaithiúil le linn féile éigin nó a bheith flaithiúil ó chroí?

  • Bíonn ócáidí speisialta ag Finnéithe Iehova ó am go ham agus tugann siad bronntanais dá bpáistí. Céard iad na rudaí speisialta a d’fhéadfá a dhéanamh má tá páistí agat?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is cuma cén bunús atá ag féilte. Tá sé tábhachtach am a chaitheamh in éineacht le do theaghlach agus do chairde.”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Tá Iehova ag iarraidh orainn am maith a bheith againn le chéile. Ach tá sé ag iarraidh orainn ceiliúradh agus féilte nach bhfuil aon ghlacadh aige leo a sheachaint.

Súil Siar

  • Céard iad na ceisteanna ar chóir dúinn a chur chun a fháil amach an bhfuil Iehova sásta le ceiliúradh áirithe?

  • Cén chaoi ar féidir linn cabhrú lenár dteaghlach agus lenár gcairde tuiscint a fháil ar na cinntí a dhéanann muid?

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios agat go bhfuil Iehova ag iarraidh orainn a bheith sona?

Sprioc

FIOSRAIGH

Scrúdaigh roinnt féilte nach gceiliúrann Críostaithe.

“Why Don’t Jehovah’s Witnesses Celebrate Certain Holidays?” (Alt ar líne)

Féach ar ceithre chúis a gcreideann muid nach bhfuil ceiliúradh breithlae sásúil do Dhia.

“Why Don’t Jehovah’s Witnesses Celebrate Birthdays?” (Alt ar líne)

Féach mar a dhéileáil déagóir le magadh de bhrí nach raibh sé ag ceiliúradh na Nollag.

Dealing With Ridicule Tactfully (2:​04)

Tá rogha déanta ag na milliúin Críostaithe gan an Nollaig a cheiliúradh. Cén chaoi a mothaíonn siad faoin gcinneadh seo?

“They Found Something Better” (The Watchtower, 1 Nollaig, 2012)

a Féach Aguisín 5 le fáil amach faoin mbealach le hócáidí ceiliúrtha áirithe a láimhseáil.