Tá sé i gceist ag údaráis sa Bhreatain cáin ar dheochanna boga a thabhairt chun cinn faoi cheann dhá bhliain.
Tá sé ráite ag an bpríomh-chumann trádála beatha agus deoch in Éireann áfach, nach bhfuil aon fhianaise ann go n-oibríonn a leithéid de cháin.
Dúirt Paul Kelly, stiúrthóir Tionscal na Beatha agus Dí Éireann gur sampla a bheadh ann de cháin dhúbailte dá ngearrfaí cáin sa bhreis ar dheochanna boga. Gearrtar cáin breis luach (CBL) ag ráta 23% orthu cheana.
Lean sé le rá le RTÉ, gur fearr an dlí a leasú in áit cáin nua a chur ar shiúcra.