Dúirt urlabhraí Sláinte Fhianna Fáil, Billy Kelleher, TD go bhfuil saorchead tugtha ag ceannaireacht Fhianna Fáil do bhaill an páirtí vótáil a rogha bealach ar rún an AAA-PBP faoin ochtú leasú ar Bhunreacht na hÉireann a aisghairm. 

Baineann an leasú le cothromaíocht cearta beatha an linbh sa bhroinn agus an mháthair le linn toirchis. 

Tá sé ráite ag an Lucht Oibre go dtacodh siad leis an rún nuair a cuirtear os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn é. 

Tá an Chomhghuailíocht Neamhspleách le saorvóta a lorg ar an gceist freisin.