Is cosúil nach bhfuil beirt urlabhraithe sinsearacha i bhFianna Fáil ar aon fhocal maidir le leasú ar reachtaíocht nua faoi dheochanna meisciúla.

Bhí leasú molta roimhe seo ag urlabhraí sláinte an pháirtí Stephen Donnelly go mbeadh fógraí sláinte i mBéarla agus i nGaeilge araon ar dheochanna alcóil, seachas i mBéarla amháin.

Thug sé le fios cúpla lá ó shin, áfach, go raibh sé ag iarraidh an leasú a tharraingt siar ar fhaitíos go gcuirfeadh sé moill ar an mbille.

Ach tá sé ráite ag urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil Éamonn Ó Cuív go bhfuil sé fós i gceist ag an bpáirtí an leasú a mholadh.