Tá fear óg gafa i gCorcaigh agus é curtha ina leith gur chaith sé seile le garda, agus é tar éis a mhaíomh go raibh an choróinvíreas tolgtha aige.

Cuireadh fios ar na gardaí go moch ar maidin amach chuig eachtra ag teach cónaithe i gceantar an Tóchair.

Stop siad an fear,Adam Olden, 19 bliain d'aois agus é ag fágáil an tí.

Deir na gardaí go raibh sé foréigneach agus gur chaith sé seile le duine díobh.

Gabhadh ar an láthair é, agus tugadh é chomh fada le Stáisiún na nGardaí i dTobar Bhríde, áit ar cúisíodh é.

Níos deireanaí, tugadh Adam Olden os comhair suí speisialta de Chúirt Dúiche Chorcaí agus cuireadh ionsaí agus 2 shárú d'Acht an Oird Phoiblí ina leith.

Ceadaíodh bannaí dó, ach bhí coinníollacha déine leis.