Tá easaontas mór sa DUP faoi chinneadh cheannaire nua an pháirtí Edwin Poots Céad-Aire an Tuaiscirt a ainmniú.
Ag cruinniú ar maidin, vótáil formhór fheisirí comhthionóil agus parlaiminte an pháirtí in aghaidh an ainmniúcháin de bharr a míshástachta faoi chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge sa Tuaisceart a thabhairt isteach.
Tuairiscítear gur vótáil 24 den 28 feisire comhthionóil agus seachtar den ochtar feisire parlaiminte in aghaidh a raibh beartaithe ag Edwin Poots. Sin 86% acu san iomlán.
Tuigtear gur fhág Edwin Poots agus Paul Givan an seomra sular caitheadh an vóta.
Dúirt duine a bhí ag an gcruinniú leis an áisíneacht nuachta PA go raibh go leor teannais sa seomra. Cruinniú uafásach a bhí ann, a dúirt an duine sin.
Tar éis dó an cruinniú a fhágáil, d'ainmnigh Edwin Poots Paul Givan mar Chéad-Aire agus d'ainmnigh Sinn Féin Michelle O'Neill mar LeasChéad-Aire.
Beidh cruinniú ag oifigigh an DUP níos deireanaí leis an scéal a phlé.
Tháinig feidhmeannas nua Stormont le chéile den chéad uair tráthnóna freisin ach tuigtear nach raibh airí uile an DUP i láthair.