Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh téarma príosúin trí bliana ar fhear 39 bliain d'aois as deisceart Ard Mhacha a bhí páirteach le drong coireachta eagraithe a robáil os cionn €790,000 ó uathmheaisíní bainc in imeacht dhá bhliain.

Phéadáil Niall Finnegan, as Coilleach Eanach, ciontach in airgead tirim €104,000 a bheith ina sheilbh aige ar an 20 Lúnasa 2019.

Dúradh sa chúirt go ndearna an drong coireachta iarracht uathmheaisín bainc in Achadh an Iúir, Co an Chabháin, a robáil ar an 14 Lúnasa 2019 ach gur chuir na Gardaí cur isteach orthu.

Ghabh na Gardaí triúr fear gar don láthair.

Sé lá ina dhiaidh sin, bhuail Niall Finnegan le duine den triúr tar éis do na Gardaí é a scaoileadh saor. Chuaigh an dís go dtí Co na Mí, áit ar bhain siad airgead tirim as an talamh.

Chuir siad an t-airgead i bhfolach i mbothán in aice láimhe.

Nuair a thug na Gardaí ruathar faoin mbothán, fuair siad €298,900 in dhá árthach phlaisteacha.

Ina dhiaidh sin, stop na Gardaí gluaisteán ina raibh Niall Finnegan ag taisteal. Fuair siad €15,000 ar an urlár agus €88,900 i gcófra an ghluaisteáin.

Dúirt an Breitheamh Tony Hunt go raibh géarghá ó thaobh na sochaí de daoine a chur ó choireanna den sórt seo.

Tá daoine faoin tuath go háirithe ag brath ar uathmheaisíni bainc agus tá baol ann go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís seo i mbailte cosúil le hAchadh an Iúir dá leanfaí de robálacha den sórt seo, a dúirt an breitheamh.

Ghearr sé téarma príosúin ceithre bliana go leith ar Niall Finnegan ach chuir sé an t-ocht mí dhéag dheireanacha ar fionraí.

Dúradh sa chúirt go raibh baint ag Niall Finnegan le drong coireachta atá bunaithe i ndeisceart Ard Mhacha agus oirthear Mhuineacháin, drong a robáil €790,000 ó uathmheaisíní bainc in áiteanna éagsúla i gceantar na teorannn in 2018 agus 2019.

Fuarthas ar ais €440,000 den mhéid sin.