Tá sé fógartha ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris go leasófar an dlí i riocht agus go bhféadfar toghchán tionóil ó thuaidh a chur siar sé seachtaine, agus sé seachtaine eile ina dhiaidh sin arís má thograítear sin.

Nuair a chuirfear an leasú i bhfeidhm, beidh spriocdháta nua ann faoina gcaithfidh na páirtithe polaitíochta sa Tuaisceart teacht le chéile agus Feidhmeannas Stormont a bhunú arís.

Déardaoin 8 Nollaig an marc úr de réir an leasaithe atá ar intinn ag an Stát-Rúnaí ach d'fhéadfaí é chur siar arís go dtí 19 Eanáir 2023.

D'fhágfadh sin nach mbeadh aon toghchán ann go dtí 2 Márta nó 13 Aibreán. Tabhair an mhéar fhada air sin - méar is faide Lugh Lámhfhada, de réir dealraimh!

Ag labhairt dó i bparlaimint Westminster inniu, mhaígh Chris-Heaton Harris go dtabharfadh an cairde seo idir am breise agus acmhainn bhreise do ranna rialtais sa Tuaisceart tacú mar ba cheart le seirbhísí poiblí a bhfuil an ghéarchéim pholaitiúil ag cur as dóibh.

Beireadh daoine eile ar an áiméar freisin, arsa an Stát-Rúnaí, agus tugadh idirbheartaithe na Breataine agus an Aontais Eorpaigh - chomh maith leis na páirtithe polaitíochta ó thuaidh - tugaidís fíoriarracht eile ar theacht as an tsáinn ina bhfuiltear.

Ag tagairt a bhí sé do Phrótacal an Tuaiscirt agus do na comhráite atá ar bun ina leith i gcónaí.

Tá cos curtha i bhfeac ag an DUP, áfach, agus tá siad ag diúltú aon pháirt a ghlacadh i bpríomhfhorais Stormont nó go ndéanfar na leasuithe is mian leosan ar an bprótacal.

Is mian le gach mórpháirtí eile an Feidhmeannas a bhunú arís ach de réir na rialacha comhroinnte cumhachta, tá cead ag na páirtithe is mó mianta dreamanna eile a chrosadh.

Chaith an Stát-Rúnaí lagmheas inniu freisin ar an moladh go nglacfadh Rialtais na hÉireann agus na Breataine comhúdarás ar an Tuaisceart mura mbunófaí Feidhmeannas Stormont arís. Ní bheadh aon ghlacadh ag an mBreatain leis an moladh sin, a dúirt sé.

Ina cheann sin, d'fhógair Chris Heaton-Harris go raibh rún aige pá na bhfeisirí tionóil i Stormont a laghdú ó tharla iad a bheith díomhaoin.

Faoi láthair, íoctar buntuarastal £51,000 (€58,119) sa bhliain le gach feisire ach meastar go laghdófar é faoina thríú cuid roimh an Nollaig.