Tá foláireamh fógartha ag an gcuideachta eFlow faoi theachtaireachtaí calaoiseacha téacs atá daoine a fháil faoi tháillí dola nach bhfuil, mar ó dhea, íoctha acu.

Tá an gnólacht agus na Gardaí ag moladh do dhaoine a fhaigheann a leithéid do théacs, ar a bhfuil samplaí san alt seo, gan aon nasc a oscailt ach neamhaird iomlán a dhéanamh air.

Íocann na mílte tiománaí dolaí mhórbhealaí na tíre gach lá, ach anois agus taisteal tréan dheireadh seachtaine saoire bainc na Cásca ar leic an dorais againn, beidh níos mó daoine fós ar bóthar.

Tá sé tugtha le fios ag eFlow atá i bhfeighil dholaí na tíre go bhfuil bréag-theachtaireachtaí faighte ag daoine ag iarraidh orthu a gcuid sonraí bainc agus suim airgid a thabhairt ar lámh ar tháillí dola nach bhfuil íoctha.

Deir eFlow nach n-iarrann siad riamh ar chustaiméirí nascanna a oscailt i dteachtaireachtaí téacs le sonraí íocaíochta a dheimhniú.

Deir Banc na hÉireann go bhfuil ardú mór tagtha ar chamscéimeanna den chineál sin agus tá siad ag impí ar thiománaithe a bheith cáiréiseach.

Má cheapann tú go bhfuil tú tar éis do chuid sonraí a thabhairt do lucht na calaoise ba cheart teagmháil a dhéanamh le do bhanc agus leis na Gardaí láithreach.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Eibhlín Ní Choistealbha ar Nuacht TG4 ag 1900.