Tá an tír seo chun €284m a thabhairt do chláracha bia,talmhaíochta agus sláinteachais ar fud an domhain i mbliana.

Dúirt An Tánaiste Micheál Martin go bhfuil sé an-bhuartha faoi chúrsaí bia an domhain mhóir.

Bhí an Tánaiste ag labhairt ag ceannceathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac.

Deir sé go bhfuil géarchéim cothaithe ag cogaí agus ag athrú aeráide agus go bhfuil na milliúin i mbaol san Afraic dá bharr.