Nead na Nollag
Dé Sathairn 24 Nollaig 7 pm

Seo ceolchoirm speisialta Nollag a taifeadadh beo ar Oileán Acla i nGaeltacht Mhaigh Eo, ceiliúradh ar oidhreacht agus ar thraidisiún ceoil an cheantair. Is í Clodagh Ní Ghallóglaigh, dalta i gColáiste Pobail Acla, a chuirfidh an choirm i láthair.

A concert celebrating the music and heritage of Oileán Acla in the Mayo Gaeltacht.



Taisce Chois Fharraige
Dé Sathairn 24 Nollaig 8 pm

Seoladh an suíomh idirlín do Thaisce Chois Fharraige le déanaí, cnuasach eolais faoi cheoltóirí, faoi fhonnadóirí, faoi dhamhsóirí, faoi scéalaithe agus faoi scríbhneoirí cheantar Gaeltachta Chois Fharraige. Is iad an grúpa Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus a muintir a bhailigh an t-ábhar agus chruthaigh siad áis shlachtmhar ar a bhfuil idir sheaneolas agus eolas nua, chomh maith le pictiúir, taifeadtaí fuaime agus ábhar físe. Sa chlár seo inniu, cloisfidh muid ceol agus caint le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ón ócáid seolta a bhí ann don suíomh ag tús mhí na Nollag.

Interviews and performances from young musicians and singers involved in the Taisce Chois Fharraige project.

Réalta Órga Ríogacha
Dé Domhnaigh 25 Nollaig 10 am

Ar an gclár seo, beidh iomainn Nollag agus machnaimh shéasúrach, fite fuaite le briathra binne is cuimhní cinn, le cuidiú leat breith ar an spioradáltacht agus an draíocht a bhaineann le Lá Nollag. Is é an tAthair Brian Ó Fearraigh a chuirfidh an clár i láthair.

An atmospheric programme, with music and reflections for Christmas morning.

RnaG ag Oireachtas na Gaeilge 2022
Dé Domhnaigh 25 Nollaig 3 pm

An chuid is fearr de chraoladh RTÉ Raidió na Gaeltacht ó fhéile an Oireachtais i gCill Airne ag tús mhí na Samhna. Bhí daoine ar bís i mbliana don teacht le chéile seo, nach raibh ann ó 2019, agus beidh blaiseadh de na comórtais sean-nóis agus de chláracha an raidió le cloisteáil sa chlár seo inniu.

Highlights from RnaG's broadcasts from the Oireachtas festival in Killarney this year.

Cosán na Naomh
Dé Domhnaigh 25 Nollaig 5 pm

Sa chlár seo inniu, cloisfidh muid an saothar úrnua ceoil de chuid Mháire Breatnach, Cosán na Naomh, a thugann léargas uathúil dúinn ar leithinis Chorca Dhuibhne agus ar stair ársa an cheantair seo. Tá an saothar nua seo bunaithe ar Chosán na Naomh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is ó Thrá Fionntrá, de réir traidisiúin a ghabhann siar breis is míle bliain, a thugadh lucht oilithreachta aghaidh ar Chnoc Bréanainn ar an gcosán ársa seo. Ceol nua ar fad a bheas ann, cumtha ag Máire Breatnach, agus curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Máire Breatnach (veidhlín & vióla) Mick O’Brien (píb uilleann & feadóga) agus Noreen O’Donoghue (cláirseach) le dearadh fuaime ó Stephen O’Brien. Tabharfaidh an coimisiún nua ceoil seo an lucht éisteachta ar thuras ársa agus Máire Breatnach ag freagairt don dúiche ina timpeall agus an tionchar cruthaitheach atá ag tírdhreach sceirdiúil Chorca Dhuibhne ar an ealaíontóir clúiteach seo. Léiriú de chuid Stiúideo Cuan.

A musical commission by Máire Breatnach, inspired by the pilgrim path of the same name in Corca Dhuibhne, Co. Kerry.

Órchiste Nollag
Dé Domhnaigh 25 Nollaig 6 pm

Gheobhair blaiseadh sa chlár seo ar aoibhneas, ar áthas, ar aisling agus ar dhiamhracht na Nollag trí shúile an linbh agus an duine fásta. Beidh carúil, dánta, cín lae, cuimhní cinn agus seanfhocail atá luaite leis an dtréimhse bheannaithe fite fuaite le ceol álainn an tséasúir ó Mháire Breatnach ar an veidhlín. Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair.

Poetry, reflections and music for the festive season.

Súil Siar 2022 ar RnaG
Dé Luain 26 Nollaig 9.10 am

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh caoga bliain a mbunaithe i mbliana, agus sa chlár seo beidh súil siar ar bhuaicphointí craolta an stáisiúin le linn 2022. Beidh idir trom agus éadrom sa chlár, cúrsaí reatha, siamsaíocht, coirmeacha ceoil, agallaimh agus buaicphointí spóirt san áireamh.

Highlights of RnaG's broadcasting from their fiftieth year on the air.


An Chéad Lá craolta ar Raidió na Gaeltacha
Dé Luain 26 Nollaig 10 am

Thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh ar Dhomhnach Cásca, 2 Aibreán 1972. Sa chlár seo inniu éistfidh muid le roinnt den ábhar a craoladh ar an gcéad lá sin, na tuairimí agus smaointe a bhí ag daoine faoin stáisiún nua, agus an tionchar a bheadh ag Raidió na Gaeltachta ar shaol na ndaoine. Tabharfaidh sé uilig siar muid go dtí an bhliain 1972. Is é Séamus Ó Scanláin a chuirfidh an clár i láthair.

Highlights from the first day of broadcasting on RnaG on 2 April 1972.

Ceolchoirm Éigse Dhiarmuidín 1992
Dé Luain 26 Nollaig 12.08 pm

Tá tríocha bliain ann ó bhunaigh muintir agus cairde Dhiarmuda Uí Shúilleabháin an éigse bhliantúil ina chuimhne. Tá ceolchoirm na hÉigse ar an Satharn mar chuid lárnach den Éigse gach aon bhliain, agus sa chlár seo inniu raghfar siar go dtí an gcéad cheolchoirm a bhí ag Éigse na bliana 1992. Is é Éamonn de Buitléar, beannacht Dé leis, a bhí ina fhear a’ tí don ócáid stairiúil mhaoithneach seo a chuir tús le sraith iontach a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

The gala concert from the very first Éigse Dhiarmuidín, established in memory of singer and broadcaster Diarmuid Ó Súilleabháin in 1992.

Dreoilín Dreoilín!
Dé Luain 26 Nollaig 1.30 pm

Lá thar laethanta, lá scléipe is meidhir is ea Lá an Dreoilín i gCorca Dhuibhne. Beidh éachtaint sa chlár seo ar dheasghnátha, ar nósmhaireacht agus ar thraidisiún an Dreoilín inné agus inniu ar an leithinis. Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair.

The tradition of the Wran in West Kerry, as it was and as it is now.

Comhrá na gConallach
Dé Luain 26 Nollaig 5 pm

Cloisfear an tsraith Comhrá na gConallach, a craoladh den chéad uair sa samhradh, arís le linn sceideal na Nollag. Sa tsraith seo, cloisfear cuid de na míreanna is fearr agus is suimiúla ó chartlann Dhoirí Beaga a craoladh ó 1972 i leith. Sa chéad chlár inniu, beidh míreanna ag Áine Ní Bhreisleáin dúinn ó na seachtóidí ó chartlann Dhoirí Beaga. Cluinfear míreanna nuachta, scéalta éadroma, tuairiscí ar thubaistí farraige agus argóintí faoi chaighdéan na Gaeilge i dTír Chonaill. Beidh mír ann ó Éigse Uladh i nGaoth Dobhair in ómós an scríbhneora Seosamh Mac Grianna, díospóireacht faoi chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus turas go hÁrainn Mhór le Timlín Ó Cearnaigh. Cloisfidh muid tuairimí ó éisteoirí an Raidió freisin i 1978 faoi chraoladh an stáisiúin, agus nósanna éisteachta i mblianta luatha Raidió na Gaeltachta.

Áine Ní Bhreisleáin brings us highlights from the Donegal archives from over the last fifty years in this series, starting today with the seventies.


Neidí Frainc Mac Grianna
Dé Máirt 27 Nollaig 11 am

Sa chlár seo, tabharfar ómós don scéalaí iomráiteach Neidí Frainc Mac Grianna, as Rann na Feirste, a bhásaigh daichead bliain ó shin i mbliana. Sa chlár, cloisfidh muid taifeadtaí luachmhara cartlainne ó na seascaidí a rinne Cumann Chluain Ard Bhéal Feirste le Neidí Frainc agus a chol ceathrar agus a dhlúthchara Seán Bán Mac Grianna. Beidh agallamh le hiníon agus mac le Neidí, Gearóidín agus Danny, faoi oidhreacht a n-athar. Cloisfidh muid Neidí Frainc féin i mbun scéalaíochta, agus beidh Mícheál Ó Máirtín, Stiúrthóir Choláiste Mhuire i Loch an Iúir, ag cur síos ar na cuimhní cinn atá aige ar Neidí, a chaith blianta fada ag obair sa choláiste. Is é Damien Ó Dónaill a chuirfidh an clár i láthair.

A programme paying homage to legendary Donegal storyteller Neidí Frainc Mac Grianna.

Ar Stáitse
Dé Máirt 27 Nollaig 12.08 pm

Is cuid de rithim agus éirim an tsaoil í an drámaíocht i gceantair Ghaeltachta na Mumhan agus beidh éachtaint i gclár an lae inniu ar chuid dena bhfuil i gcartlann Bhóthar na Léinsí ar an saol ar stáitse agus ar chuid des na pearsain a bhíodh ar chúl an stáitse. Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair.

The dramatic tradition in the Munster Gaeltacht areas is the focus of this programme.

Oíche an Oireachtais i Leitir Móir 2022
Dé Máirt 27 Nollaig 3 pm

Ar an gclár seo, tabharfar blaiseadh de chuid den saothar a chuir muintir Chonamara ar an ardán ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i mbliana agus iad páirteach in oíche cheiliúrtha an Oireachtais san Ionad Pobail le taobh Shéipéal Leitir Móir i dtús mhí na Samhna.I measc an ábhair a chloisfear, beidh amhráin ar an sean-nós, amhrán ó Sheaimpín an Oireachtais Bríd Ní Mhaoilchiaráin ina measc, lúibíní agus agallaimh beirte, chomh maith le ceol agus damhsa. Beidh a thuilleadh ábhar ón oíche seo le cloisteáil ar an Domhnach 1 Eanáir. Is í Eibhlín de Bhailís a chuirfidh an clár i láthair.

Sean-nós singing, sketches, and more from participants in the Oireachtas festival.

Glórtha Comhar ag Ceithre Scór
Dé Máirt 27 Nollaig 4 pm

Tá an iris Comhar ceithre scór bliain ar an bhfód i mbliana. Tá tábhacht nach beag le Comhar mar iris liteartha agus iriseoireachta, agus sa chlár seo roghnóidh an scríbhneoir agus an drámadóir Eoin McEvoy cuid den saothar is tábhachtaí a foilsíodh ar leathanaigh Comhar agus déanfaidh buíon aisteoirí cur i láthair drámatúil orthu. Beidh meascán de shaothar liteartha, léirmheasanna géara, eagarfhocail agus ráitis chonspóideacha le cloisteáil againn, á gcur inár láthair ag na haisteoirí Diarmuid de Faoite, Bríd Ní Ghruagáin, Donncha Crowley agus Deirdre Learmont, le tráchtaireacht ó Eoin McEvoy. Tristan Rosenstock a léirigh an clár.

Celebrating eighty years of the Irish-language journal Comhar.

Cuisle Chroithlí: Scéal na Monarchan
Dé Céadaoin 28 Nollaig 11 am

Tógadh monarcha Chroithlí sa bhliain 1901 mar láthair déantúsaíochta do chairpéid lámhdhéanta. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag feidhmiú mar bheairic le linn Chogadh na Saoirse, agus bhí sé ina lárionad fiontraíochta sa cheantar thar na blianta, áit ar cruthaíodh Babógaí chlúiteacha Chroithlí. Tá an mhonarcha ath-oscailte anois mar dhrioglann uisce beatha. Caitheann Póilín Nic Géidigh súil siar ar stair na háite, agus na pleananna don todhchaí, sa chlár seo inniu.

The history of the factory building in Croithlí, once centre of production of the world-famous Crolly Dolls, and its bright new future as a distillery.

Dónal an Bhéil Bhinn
Dé Céadaoin 28 Nollaig 12.08 pm

Beidh Dámhscoil Mhúscraí á thionól arís tráthnóna inniu ar a fód dúchais, i gCúil Aodha. Bhí Dónal Ó hÉalaithe (1933-2016) ós na Milíní, Cúil Aodha, ar dhuine des na cainteoirí is na tráchtairí ba dheisbhéalaí a bhí le clos ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le leathchéad bliain anuas agus ba mhinic a bhréithre binne le clos ag an nDámhscoil chomh maith. File, fáidh agus fear léinn ab ea Dónal, a thug a raibh ina cheann agus ina pheann de stair sheanchas Mhúscraí dos na héisteoirí i gcaitheamh na mbliain. Sa chlár seo, caitheann Helen Ní Shé súil ar a shaol agus a shaothar.

The life and work of Múscraí's Dónal Ó hÉalaithe, poet and learned man.


Ár Saol in Inis Bó Finne
Déardaoin 29 Nollaig 11 am

I samhradh na bliana seo, chaith Áine Ní Bhreisleáin cúpla lá i mbun comhrá le daoine a chaith a n-óige ar Inis Bó Finne, amach ó chósta Dhún na nGall, ó na 1930í agus 1940í ar aghaidh. Sa chlár seo inniu, cloisfidh muid iad ag cur síos ar a n-óige ar an oileán, an scolaíocht a fuair siad, agus cúrsaí siamsaíochta. Tá go leor de na daoine seo nár labhair roimhe ar an raidió faoina saol ar an oileán agus beidh scéalta grinn acu faoi eachtraí ag damhsaí, an Nollaig in Inis Bó Finne agus aontaí ar tír mór fosta. Is iad Dónal Phaidí Fhearraigh, Áine Phaidí Fhearraigh McGarrigle, Méabha Whiting Nic Fhionnghaile, Micí Whiting Mac Aoidh agus Maggie Owenie Nic Pháidín a bheas le cluinstin sa chlár. Beidh a thuilleadh scéalta uathu le cluinstin sa chlár amárach ag an am céanna.

Islanders describe life on the island of Inis Bó Finne to Áine Ní Bhreisleáin, focused today on their youth, schooling and pastimes.

Ag Coimeád na Síochána
Déardaoin 29 Nollaig 12.08 pm

Bhí an Garda Síochána ag comóradh céad bliain a bhunaithe i mbliana. Chuir éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta aithne ar chuid de bhaill an Gharda Síochána trína seamanna agus deismireachtaí cainte ar chláracha éagsúla. Cloisfear ó leithéidí Thaidhg Uí Choileáin, Phádraig Uí Chíobháin, Pháid Uí Shúilleabháin agus Sheáin Uí Mhóráin ar chlár an lae inniu. Is é Dara Ó Cinnéide a chuirfidh an clár i láthair.

As An Garda Síochána mark one hundred years, Dara Ó Cinnéide brings us interviews with members of the force from the Bóthar na Léinsí archives.

Ceol a’Ghleanna
Déardaoin 29 Nollaig 7 pm

Clár speisialta amhránaíochta a bheas ag Ciarán Ó Maonaigh dúinn inniu. Bíonn lá na bliana úire galánta fa Ghaoth Dobhair achan bhliain, agus bíonn éisteacht agus comhluadar Tigh Hiúdí Bhig agus lá na n-amhrán ag an Scoil Gheimhridh leis an bhliain úr a cheiliúradh. Is teacht le chéile galánta d’amhránaithe Ultacha atá ann, agus baicle de na hamhránaithe a bhíonn ann de ghnáth ar an chlár seo ag Ciarán dúinn inniu.

A special programme celebrating Ulster singers this evening.

Ár Saol in Inis Bó Finne
Dé hAoine 30 Nollaig 11 am

I samhradh na bliana seo, chaith Áine Ní Bhreisleáin cúpla lá i mbun comhrá le daoine a chaith a n-óige ar Inis Bó Finne, amach ó chósta Dhún na nGall, ó na 1930í agus 1940í ar aghaidh. Sa chlár seo inniu, cloisfidh muid iad ag cur síos ar na nósanna agus na pisreoga a bhí ar an oileán maidir le creideamh, bás, cleamhnais agus pósadh, faoi chúrsaí iascaireachta agus faoin uair gur fhág siad féin Inis Bó Finne. Inseoidh siad fosta faoi thragóidí farraige, nósanna a bhain le bás ar an oileán agus gnásanna na bhféilte móra. Is iad Dónal Phaidí Fhearraigh, Áine Phaidí Fhearraigh McGarrigle, Méabha Whiting Nic Fhionnghaile, Micí Whiting Mac Aoidh agus Maggie Owenie Nic Pháidín a bheas le cluinstin sa chlár.

Islanders describe life on the island of Inis Bó Finne to Áine Ní Bhreisleáin, focused today on superstitions and traditions, and their decisions to leave the island.

Mná Misniúla na Gaeltachta
Dé hAoine 30 Nollaig 12.08 pm

Sa chlár seo inniu, cloisfear ó chuid des na mná a bhí fé bhráid agallaimh ar an Saol ó Dheas i gcaitheamh na bliana 2022 agus iad ag insint a gcuid scéalta go hoscailte, go paiteanta agus go nea bhalbh do Helen Ní Shé. I measc na gcainteoirí inniu, beidh Bríd Budhlaeir, Máire Ní Chinnéide, Caitlín Uí Mhóráin, Louise Ní Mhuircheartaigh, Ruth Ní Riada agus Áine Uí Fhoghlú.

Highlights from interviews with women from the Munster Gaeltachtaí this year, both young and old, as featured on An Saol ó Dheas.

An Trumpa
Dé Sathairn 31 Nollaig 5 pm

Clár speisialta faoi cheol aitheantais RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Trumpa nó Port Mháirtín Shéamuis, agus an stáisiún ag ceiliúradh caoga bliain ar an bhfód i mbliana. Is é Séamus Ó Scanláin a chuirfidh an clár i láthair, agus déantar cur síos ann ar stair an phíosa ceoil, ar an té a chum é, ar an uirlis neamhghnách an trumpa béil, agus neart eile. Beidh Cormac Ó Beaglaoich, Caomhán Ó Fátharta, Neansaí Ní Choisdealbha agus Liam Ó Maonlaí ar chuid acu siúd a bheas páirteach ann.

A special programme about the RnaG theme music, An Trumpa.


RTÉ Raidió na Gaeltachta 50
Dé Sathairn 31 Nollaig 7 pm
Seo coirm cheiliúrtha RTÉ Raidió na Gaeltachta, a reáchtáladh ar an Tulach i gcroílár Ghaeltacht Chonamara ar 2 Aibreán 2022 do cheiliúradh leathchéad bliain na seirbhíse. Bhí Ceolfhoireann RTÉ agus plúr na gceoltóirí traidisiúnta páirteach sa choirm, agus ba iad Neansaí Ní Choisdealbha, Michelle Nic Grianna agus Sláine Ní Chathalláin a chuir an ócáid i láthair. Orthu siúd a bheas le cloisteáil againn sa chlár anocht, beidh Altan, Cór Chúil Aodha, Iarla Ó Lionáird & Steve Cooney, Johnny Óg Connolly, Colm Mac Con Iomaire, The High Seas, Cormac Ó Beaglaoich, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor, Gerry O’Beirne, Muintir Uí Iarnáin agus Seán Monaghan. Ar na fonnadóirí, beidh Ciarán Ó Gealbháin, Máire Ní Choilm, Micheál Ó Confhaola, Caitlín Ní Chualáin, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Étáin & Máire Ní Churraoin agus an t-amhránaí Albanach Griogair Labhruidh. Bhí na hamhránaithe ceol tíre as Conamara Beartla Ó Domhnaill, Máirtín Beag Ó Gríofa agus Anna Marie Nic Dhonncha ar an ardán ar an oíche agus beidh siad sin le cloisteáil againn anocht freisin, chomh maith le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus An Crann Óg, gan dearmad a dhéanamh ar na damhsóirí. Is iad Aniar TV a léirigh an choirm, le maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

A gala concert recorded live in Conamara, featuring top traditional musicians together with the RTÉ Concert Orchestra.


Slán le 2022
Dé Sathairn 31 Nollaig 9 pm

Cuirfidh Jó Ní Chéide agus Séamus Ó Scanláin an clár speisialta seo i láthair d'oíche chinn bhliana. Beidh scoth na gceoltóirí ina dteannta sa stiúideo i gCasla, ina measc Pádraig Jack, Séamus agus Caoimhe Ó Flatharta, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Bláthnaid Nic Cába, Orla Leavy agus a Cairde, agus Seán Ó Gráinne. Ní ceoltóirí an iarthair amháin a bheas le cloisteáil ar an gclár, áfach, mar beidh Clann ceolmhar Mhic Ruairí páirteach ó stiúideo Dhoirí Beaga, agus beidh ceoltóirí na Mumhan freisin i Stiúideo Bhaile na nGall. Ceol beo, comhrá agus neart duaiseanna agus muid ag fágáil slán le 2022 agus ag cur fáilte roimh an bhliain nua.

A very special New Year's Eve show presented by Jó Ní Chéide and Séamus Ó Scanláin.

Oíche an Oireachtais i Leitir Móir 2022
Dé Domhnaigh 1 Eanáir 5 pm

Sa dara chlár seo a taifeadadh ag oíche an Oireachtais i Leitir Móir, tabharfar blaiseadh de chuid den saothar a chuir muintir Chonamara ar an ardán ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i mbliana agus iad páirteach in oíche cheiliúrtha an Oireachtais san Ionad Pobail le taobh Shéipéal Leitir Móir i dtús mhí na Samhna. I measc an ábhair a chloisfear, beidh amhráin ar an sean-nós, amhrán ó Sheaimpín an Oireachtais Bríd Ní Mhaoilchiaráin ina measc, lúibíní agus agallaimh beirte, chomh maith le ceol agus damhsa. Beidh a thuilleadh ábhar ón oíche seo le cloisteáil ar an Domhnach 1 Eanáir. Is í Eibhlín de Bhailís a chuirfidh an clár i láthair.

Music, song and dance from Conamara participants in the Oireachtas festival, both young and old.

Cérbh í Máire Bhuí Ní Laoghaire?
Dé Domhnaigh 1 Eanáir 7 pm

Sa chlár seo, beidh an tOllamh Tríona Ní Shíocháin ó Ollscoil Mhá Nuad ag caint le hÁine Uí Chuíll, le hEibhlís Uí Thuama, agus le Gobnait Ní Chrualaoi faoi Mháire Bhuí agus a hoidhreacht. Beidh Paula McCarthy ar a turas i nGaeltacht Chorcaí chun a thuilleadh eolais a fháil ar shaol a sin-sin-sin-sin-seanmháthair, Máire Bhuí. Cloisfidh muid faoi na hamhráin 'Maidean Álainn Ghréine', 'A Mháire Ní Laoghaire', agus 'Cath Chéim an Fhia' sa chlár seo, agus pléifear an nasc pearsanta atá ann idir banamhránaithe Chorcaí agus an banfhile cáiliúil, Máire Bhuí.

The third programme in the series about famed Cork poet Máire Bhuí Ní Laoghaire.

I Lár na Páirce le Anthony Molloy
Dé Luain 2 Eanáir 11 am

Inseoidh Anthony Molloy scéal a shaoil dúinn sa chlár seo. Bhí Anthony ar an chéad fhear as Dún na nGall a thóg an Sam Maguire mar chaiptín i 1992. Is í Michelle Nic Grianna a chuirfidh an clár i láthair, agus is é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár.

An interview with Donegal football legend Anthony Molloy.

Oíche na Coirme
Dé Luain 2 Eanáir 5 pm

Chuaigh Marcus Mac Conghail ar chúl an stáitse ag coirm cheiliúrtha 50 bliain Raidió na Gaeltachta i mí Aibreáin seo caite, agus labhair sé ansin le ceoltóirí agus damhsóirí faoin ócáid, agus faoina gcuid tuairimí faoi Raidió na Gaeltachta. Cloisfimid faoin méid a bhí le rá acu sa chlár seo inniu.

Behind the scenes at the RnaG 50 year celebratory concert.

Cartlann na Ceathrún Rua - RnaG@50
Dé Máirt 3 Eanáir 9.10 am

Sa chlár seo, cloisfidh muid cur i láthair a rinne Bríd Nic Dhonncha do Chumann Béaloidis Chonamara ar an ábhar atá i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhaineann leis an gCeathrú Rua. Is í Treasa Bhreathnach a léirigh an clár.

A presentation on the RnaG archive material relating to the area of An Cheathrú Rua.


Seal sna Cruacha
Dé Máirt 3 Eanáir 11 am
Sa chlár seo, tá cur síos ag Áine Ní Bhreisleáin dúinn ar an sórt saoil a bhí i gceantar na gCruacha Gorma sna blianta siar, gleann fairsing i nGaeltacht Láir Thír Chonaill taobh amuigh de bhaile na nGleanntach. Bhí an ceantar seo aitheanta ag scoláirí móra na Gaeilge agus an bhéaloidis as an saibhrea scéalaíochta, amhránaíochta agus ceoil a bhí ag an phobal ann. Tá an ceantar seo bánaithe anois, ach beidh deis ag na héisteoirí scoth na gcainteoirí a mhair sna Cruacha, a theagasc agus a d’oibir ann, a chluinstin sa chlár seo inniu, ina measc Máire Ní Cheallaigh, Seosamh Mac Giobúin, Joe Beag 'Ac a Luain, Paidí ‘Ac a Luain agus na bailitheoirí béaloidis Caoimhín ó Danachair agus Séan Ó hEochaidh, a chruinnigh go leor de sheanchas an cheantair, ceol Mhicí Simey Doherty ina measc. Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.

Life in the Gaeltacht area of Na Cruacha, the Bluestack Mountains in Donegal, in years past.


An Tolg Liteartha
Dé Máirt 3 Eanáir 5 pm

Labhrann Tristan Rosenstock le scríbhneoirí, eagarthóirí, foilsitheoirí agus criticeoirí ar an Tolg Liteartha mar gheall ar na leabhair a thug leo duaiseanna Ghradaim Leabhair na Bliana ag Oireachtas na Gaeilge 2022. Is in Ollscoil Mhá Nuad a taifeadadh an clár speisialta seo, and pléann na scoláirí An tOllamh Tríona Ní Shíocháin agus an Dr. Liam Mac Amhlaigh na leabhair a bhí ainmnithe agus staid na litríochta Gaeilge. Cloisfimid cur síos ó Réaltán Ní Leannáin agus Eoghan Mac Giolla Bhríde ar an leabhar a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin Bláth na dTulach: Díolaim Ultach, agus insíonn Máirín Nic Con Iomaire dúinn faoin leabhar a thug leis Gradam De Bhaldraithe Khalil, leabhar a d'aistrigh sí ón bhFraincis.

Tristan Rosenstock is joined by writers, editors, publishers and critics to discuss the books that won Oireachtas na Gaeilge's Books of the Year Awards this year.

Comhairle Contae Dhún na nGall 120 bliain
Dé Céadaoin 4 Eanáir 11 am

Déanann Uinseann Ó Breisleáin cur síos ar stair Chomhairle Contae Dhún na nGall le 120 bliain sa chlár seo. Is é Damien Ó Dónaill a chuirfidh an clár i láthair.

Uinseann Ó Breisleáin describes the history of Donegal County Council.

Ag Faire an tSolais
Dé Céadaoin 4 Eanáir 5 pm

Tabharfar léargas sa chlár seo ar shaol na bhfear a d’oibrigh le Coimisinéirí Soilse na hÉireann sular tháinig córas uathoibríoch i bhfeidhm sna tithe solais. Beidh cur síos ó Phádraic Ó Catháin ar a chuid cuimhní cinn ó na blianta a chaith sé ag obair mar mhaor ar charraigeacha ar fud an chósta. Tabharfaidh Barra Phealan, innealtóir le Coimisinéirí Soilse na hÉireann, léargas ar an tionchar a bhí ag forbairt na teicneolaíochta ar na tithe solais, agus labhróidh Ted Sweeney, fear a tógadh i dTeach Solais an Fhóid Dhuibh, faoin ról lárnach a bhí ag an long Gráinne Mhaol agus na mairnéalaigh san eagraíocht. Is í Eibhlín Ní Chatháin láithreoir agus léiritheoir an chláir.

A programme about Irish lighthouses and those who worked in them.

Ceol a’Ghleanna
Déardaoin 5 Eanáir 7 pm

Amárach Lá Nollaig na mBan, agus anocht beidh clár speisialta ag Ciarán Ó Maonaigh dúinn dírithe ar chuid de na ceoltóirí ban is fearr sa traidisiún.

Celebrating female musicians on the eve of Little Christmas.