You are on page 1of 1

Junior Cert Gaeilge

Robáil: Eachtra
Oíche stoirmiúil ghaofar a bhí ann. Bhí me i mo hanoar sa theach: bhí
mo thuismitheoirí as baile, agus bhí mo dheartháir ag fanacht i dteach
a charad. Bhí mé saghas nerbhíseach sa teach i m’aonar, ach bhí mo
mhadra Tom in éineacht liom I mo sheomra codlata.

Bhí mé tar éis titim ina chodladh nuair a chualra mé torann thíos
staighre. Dhúisigh mé de gheit. Thosaigh Tom ag tafann agus bhí mé
ag crith le heagla. Cé a bhí ann? An raibh ionróir thíos staighre? Cad a
dhéanfainn?

Go tobann, chuala me an ionróir ag siúl timpeall na cistine. Bhí mo


chroí ag dul amach as mo bhéal. D’éirigh mé as an leaba gan an dara
smaoineadh. Bhí mé ag lorg m’fhón póca ach ansin, chuimhnigh mé go
raibh sé I mo mhála thíos staighre. Bheartaigh mé ar iarracht a
dhéanamh ar éalú ón teach. Chuir mé mo chuid éadaigh orm. Chuaigh
mé amach sa halla. Thóg mé an bláthchuach on mbórd ar an halla mar
uirlis chosanta. B’fhéidir go raibh scian nó gunna fiú ag an ionróir. Bhí
sceon an domhain orm!

Chuaigh mé síos an staighre go ciúin. Chuala mé an duine ag dul isteach


sa seomra suí. Is dócha gur chuala sé mé ag siúl síos an staighre, agus
anois bhí on bogadh I dtreo dhoras an tseomra suí. Bhí lionrith orm.
Nuair a tháinig sé amach as an seomra suí chaith mé an bláthchuach
ag a cheann agus leag mé go talamh é. Thit sé ina chnap.

Ansin, nuair a chonaic mé aghaidh an fhir, níor chreid mé mo shúile…


Mo dhreatháir a bhí ann!! Cheap mé go raibh sé ag fanacht I dteach a
charad, ach ba léír gur athraigh sé a intinn. Bhí aiféala an domhain
orm.

Bhí mo dhearthair ag magadh fúm ar feadh míosa faoin eachtra. Ní


dhéanfaidh mé dearmad ar an oíche sin go deo.

You might also like